Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/26

This page has been proofread.

22

C. Cad a ċoisgean an seaċtṁaḋ aiṫne?

F. Aon níḋ de ċuid duine eile do ṫógáil nó do ċoimeád go h-aindleaġṫaċ; agus gaċ díogḃáil dá ndéintear do’n ċóṁarsa ’na strus.

C. Cad tá d’ḟiaċaiḃ orainn a ḋéanaṁ an tan a ḃíon cuid duine eile go neaṁḋlistineaċ againn?

F. Ní foláir dúinn é ṫaḃairt ṫar n-ais má’s féidir dúinn é, nó ní maiṫfar an peaca ḋúinn.

C. Cad a ċoisgean an t-oċtṁaḋ aiṫne?

F. Gaċ fiaḋnaise neaṁḟírinneaċ, breiṫeaṁntas anoban, bréaga, cúlċaint, agus tromaíḋeaċt.

C. Cad tá d’ḟiaċaiḃ ar an muintir a ṁasluíġean clú a gcóṁarsan?

F. Ní foláir dóiḃ a ndíoṫal do ḋéanaṁ ar an gclú do ċasaḋ, nó ní ṁaiṫfar an peacaḋ ḋóiḃ.

C. Cad a ċoisgean an naoṁaḋ aiṫne?

F. Gaċ smuíneaṁ toilṫeaṁail drúise, dúil ṁíġeanmnaíḋe, agus dlúṫócáidí, nó fáṫana, ċum smuínte truailiġṫe.

C. Cad a ċoisgean an deiċṁaḋ h-aiṫne?

F. Gaċ dúil neaṁḋlisdineaċ i gcuid ár gcóṁarsan.

Ceaċt a deiċ.

C. An ḃfuil sé ceangailte orainn mar an gcéadna aiṫeanta na h-Eaglaise do ċoimeád?

F. Tá, óir “an t-é ná h-éistean leis an Eaglais,” adeir Críosd, “creidig gurab ionan é agus an págánaċ nó an poiblicánaċ.”

C. Cá ṁéid aiṫne ṫug an Eaglais dúinn?

F. Sé h-aiṫeanta:—

1. Aifrion d’éisteaċt gaċ Doṁnaċ agus lá saoire.
2. Trosgaḋ agus tréiġnas do ḋéanaṁ ar na laeṫanta órduiġṫe.
3. Faoísdin do ḋéanaṁ i n-ár bpeacaíḃ, an ċuid is lúġa ḋé, uair sa mbliain.
4. Corp Críosd do ġlacaḋ um Ċáisg nó tímpal na Cásga.