Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/43

This page has been proofread.

39

Teaċtaireaċt an Aingil.

V. Ṫáinig Aingeal an Tiġearna le sgéala ċum Muire.

R. Agus do ġaiḃ sí gein ó’n Spioraid Naoṁ.

Go mbeannuíġṫear duit, a Ṁuire, ⁊c.

V. Féuċ, mise cailín an Tiġearna.

R. Go ndéintear liom do réir t’ ḟocail.

Go mbeanuíġṫear duit, a Ṁuire, ⁊c.

V. Agus do ġlac Mac Dé colan daona.

R. Agus do ċóṁnuig sé ’nár measg.

Go mbeanuiġṫear duit, a Ṁuire, ⁊c.

V. Guiḋ orainn, a naoṁ Ṁaṫair Dé.

R. Ionus go mb’ ḟiú sin geallaṁna Ċríosd d’ ḟáġail.




An Ġuíḋe.

Guiḋmíd ṫu, a Ṫiġearna, do ġrásta do ḋortaḋ go líonṁar i n-ár n-anamnaċa, ionus, tar éis fios d’ ḟáġail dúinn, tré ṫeaċtaireaċt an aingil, ar ṫeaċt Íosa Críosd, do Ṁic, i gcolan daona, go dtiocfaḋ linn sroisint ċum glóire a aiseiríġe tré neart a ṗáise agus a ċroise naoṁṫa, tré Íosa Críosd ár dTiġearna.–Amen.

Go dtugaiḋ Dia caḃair agus congnaṁ i gcóṁnuiġe ḋúinn. Agus do dtugaiḋ Dia suaineas síoruíḋe do na fióraonaiḃ d’imṫig róṁainn. Amen.