Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/46

This page has been proofread.

42

Le linn dul a codlaḋ ḋuit, abair.

A Íosa, a Ṁuire, a Ióseṗ, tugaim suas díḃ mo ċroiḋe agus m’anam.

A Íosa, a Ṁuire, a Ióseṗ, biḋiḋ ag caḃruġaḋ liom le linn mo ḃáis.

A Íosa, a Ṁuire, a Ióseṗ, go dtugaḋ suas m’anam diḃ í síoṫċáin Dé.

Isteaċ i do láiṁ féin go nglacair mo sprid, a Ṫiaġarna.

M’anam go nglacair uaim, a Ṫiaġarna Íosa.


Liodán na Maiġdine Muire.

Cuirimíd sinn féin fé d’ċomairce, a naoṁ Ṁáṫair Dé. Ná diúltuig d’ár n-úrnuiġṫe i n-am ár riaċtanais aċt ó’n uile ḃaoġal saor sinn, a Ṁaiġdean ġlórṁar ḃeanuiġṫe.

A Ṫiġearna, dein trócaire orainn.
A Ċríosd, dein trócaire orainn.
A Ṫiġearna, dein trócaire orainn.
A Ċríosd, éist linn.
A Ċríosd, éist go ceannsa linn.
A Ḋia, a Aṫair na ḃflaṫas, dein trócaire orainn.
A Ṁic Dé, a ḟuasgalóir an doṁain, dein trócaire
orainn.
A Ḋia, a Spioraid Naoiṁ, dein tróaire orainn.
A Ṫríonóid naoṁṫa, a aon Dia aṁáin, dein trócaire
orainn.