Page:An teagasg críosdaidhe (Peadar Ua Laoghaire, 1920).djvu/8

This page has been proofread.

4

i gcumaoine na naoṁ, i maiṫeaṁnaċas na bpeacaiḋe, i n-aiseirġe na colna, agus sa ḃeaṫa ṡíoruiḋe. Amen.

An Faoísdin Ċoitċian.

Adṁuiġim do Ḋia ’n uile ċoṁaċt, do Ṁuire naoṁṫa atá riaṁ ’n-a h-óġ, do Ṁíċeál naoṁṫa árdaingeal, do Naoṁ Eóin Baiste, do na h-Aspolaiḃ naoṁṫa, Peadair agus Pól, agus do na naoiṁ uile, gur ṗeacuíġeas go mór agus go ró ṁór, le smuineaṁ le briaṫar agus le gníoṁ, tré m’ ċoir féin, tré m’ ċoir féin, tré m’ ċoir féin go ró ṁór. Ar an aḋḃar san aṫċuingim ar Ṁuire naoṁṫa atá riaṁ ’ na h-óġ, ar Ṁíċeál naoṁṫa árdaingeal, ar naoṁ Eóin Baiste, ar na h-Aspolaiḃ naoṁṫa Peadair agus Pól, agus ar na naoiṁ uile, guiḋe ċum an Tiġearna Dia ar mo ṡon.

Go dtugaiḋ Dia ’n uile ċóṁaċt grásta agus trócaire agus maiṫeaṁnaċas am ṗeacaíḋe ḋom ar an saoġal so, agus an ḃeaṫa ṡíoruiḋe sa tsaoġal atá le teaċt! Amen.

Glóire do’n Aṫair, agus do’n Ṁac, agus do’n Spioraid Naoṁ!

Mar a ḃí ar dtúis, mar atá fós, agus mar a ḃeiḋ le saoġal na saoġal. Amen.


Urnuiġṫe roiṁ na Gníoṁarṫa.

Ó, a Ḋia ṡíoruiḋe uile ċóṁaċtaig! Taḃair dúinn breis creidiṁ agus dóċais agus carṫanaċta, agus ċum go mb’ḟiú sinn gaċ níḋ a ġeallan tu ḋúinn d’ḟáġail, taḃair dúinn grásta ċum gaċ níḋ a órduíġean tu ḋúinn do ġráḋuġaḋ agus do ċoṁlíonaḋ, tré Íosa Críosd ár dtiġearna. Amen.