Page:Bás Dhalláin agus Tadhg Saor - Ua Laoghaire.pdf/12

This page has not been proofread.

6

Méiḃ.—Ċum Dalláin do ṫóraṁ, a ḋe!

Br.—Ċum Dalláin do ṫóraṁ! Ḋe agus cad ċuige é ṫóraṁ go dtí go ḃfaġaiḋ sé bás?

Méiḃ.—An aṁlaiḋ nár airíġis é ḃeiṫ marḃ?

Br.—Ambasa aċt níor airiġeas focal de. Beanaċt Dé le n’anam! Airiú cad d’imṫig air, a Ṁéiḃ?

Méiḃ.—Toil Dé!

Br.—Toil -Dé! Dar ndóiċ is le toil Dé a ġeiḃean gaċ aoinne bás agus, mar sin féin, ní gnáṫ go dtagan an bás ar ḋuine gan trúig éigin ċuige.

Méiḃ.—D’ airíġeas iad ’ġa ráḋ gur ḃ’ é ríġ Oirgialla ba ṫrúig ḃáis dó.

Br.—Cuir uait! Níor ḋein Aoḋ mac Duaċ éugcóir ar éigeas riaṁ, ní áiríṁim ríġ ollaṁ.

Méiḃ.—Munar ḋéin Aoḋ mac Duaċ éugcóir ar Ḋallán do ḋéin Dallán éugcóir ar Aoḋ mac Duaċ. Siné a dúḃairt Dallán féin. Tá fios fáṫ an sgéil anois ag an dtromḋáiṁ go léir. Deir siad gur iar Dallán an Duḃġiolla ar Aoḋ mac Duaċ agus gur eitig Aoḋ mac Duaċ é. Ansan gur ḋéin Dallán aoír ṁeillteaċ ar Aoḋ agus gur imṫig sé uaiḋ i ḃfeirg. Ansan gur iar Aoḋ mac Duaċ ar Ċolum Cille é ċosaint ar aoiriḃ Ḋalláin agus Dia do ċur ’na ndiaiḋ air mar ġeall ar an éugcóir. Ní fada a ḃí Dallán imiġṫe ó Aoḋ nuair a ṫáinig a raḋarc dó.

Br.—Éist do ḃéul! Ná fuil Dallán na ḋall an ḟaid atá aiṫne againn air!

Méiḃ.—Ṫug Colum Cille raḋarc a ṡúl dó nuair a ḃí an bás ag teaċt air. Aċt isí an easgaine a ṫáinig air ó Aoḋ mac Duaċ ba ṫrúig ḃáis do. Ḋéin sé an eugcóir ar Aoḋ agus ċuir Aoḋ Dia ’na ḋiaig air.

Br.—Go saoraiḋ Dia sinn! Ba ḋian an t-Éilteóir a ċuir sé ’na ḋiaig air.

Méiḃ.—Ċoṁ luaṫ agus fuair sé go raiḃ raḋarc a ṡúl aige do ṫuig sé go raiḃ sé réiḋ. D’ órduiġ sé ḋóiḃ é ṫaḃairt anso aḃaile agus níor ṁair sé aċt trí lá agus trí oíḋċe. Ḃí Marḃán Naoṁṫa i n’ ḟoċair i gcaiṫeaṁ na h-aimsire sin.

Br.—Aililiú! Agus tá Dallán uasal marḃ! Ċeapas ar dtúis gur ag magaḋ aḃís. Sin easnaṁ ar an dtromḋáiṁ agus ar éigsiḃ Éirean! Duine uasal fóġanta dob eaḋ é. Is dóċa, ó ṫug Dia raḋarc a ṡúl ċorparṫa ḋó sul ar rug Sé as an saoġal é gur ṫug Sé raḋarc an anama leis dó, raḋarc na h-airṫiġe.

Méiḃ.—Níor ṫug Marḃán aon ḟailíġe ann.

Br.—Gura’ maiṫ an ṁaise ḋó é, an duine uasal boċt. Is truaġ nár sgaoíl sé ṫairis Aoḋ mac Duaċ.

Méiḃ.—Beiḋ siad go léir anso láiṫreaċ.

[Imṫiġid.]