bac leis sin,” ar san fear gearr glas, “tá sé agam-sa.” Nuair ṫáinig sise ṫug sé an ċíar dí, agus ḃí iongantas uirri.
Táinig sí an tríoṁaḋ oiḋċe, agus duḃairt sí le mac riġ Eireann an ceann do cíaraḋ leis an g-cíair sin do ḃeiṫ aige ḋí, air maidin amáraċ. Nois,” ar sise, “ní raiḃ baoġal ort go dtí anoċt, agus má ċailleann tu an t-am so i, tá do ċloigionn imṫiġṫe.”
Ḃí an biorán-suain faoi na ċeann, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ. Ṫáinig sise agus ġoid sí an ċíar uaiḋ. Ṫug sí do’n ríġ niṁe í, agus duḃairt sí leis nár ḟeud an ċíar imṫeaċt uaiḋ no go mbainfiḋe an ceann dé.” Ṫug an riġ niṁe an ċiar leis, agus ċuir sé asteaċ í i g-carraig cloiċe, agus trí fiċe glas uirri, agus ṡuiḋ an ríġ taoiḃ amuiġ de na glasaiḃ uile ag doras na carraige, ’gá faire. Ṫáinig an fear gearr glas, agus na slipeuraiḋ agus an birreud air, agus an cloiḋeaṁ meirgeaċ ann a láiṁ, agus ḃuail sé buille air an g-carraig cloiċe agus d’ḟosgail suas í, agus ḃuail sé an dara ḃuille air an ríġ niṁe, agus ḃain sé an ceann dé. Ṫug sé leis an ċiar ċuig (do) mac ríġ Eireann ann sin, agus fuair sé é ann a ḋúiseaċt, agus é ag caoineaḋ na ciaire. “Súd í do ċíar duit,” ar seisean, “tiucfaiḋ sise air ball, agus fiafróċaiḋ sí ḋíot an ḃfuil an ċíar agad, agus abair léiṫe go ḃfuil, agus an ceann do cíaraḋ léiṫe, agus caiṫ ċuici an cloigionn.”
Nuair ṫáinig sise ag fiafruiġ an raiḃ an ċiar aige, duḃairt sé go raiḃ, agus an ceann do cíaraḋ léiṫe, agus ċaiṫ sé ceann an ríġ niṁe ċuici.
Nuair ċonnairc sí an cloigionn ḃí fearg ṁór uirri, agus duḃairt sí leis naċ ḃfuiġfeaḋ sé í le pósaḋ go ḃfáġaḋ sé coisire a ṡiúḃalfaḋ le na coisire féin i g-coinne trí ḃuideul na h-íoċṡláinte as tobar an doṁain ṡoir, agus