Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/104

This page has been proofread.
42
Mac Riġ Eireann.

dá mbuḋ luaiṫe a ṫáinig a coisire féin ’ná an coisire aige-sean, go raiḃ a ċeann imṫiġṫe.

Fuair sí sean-ċailleaċ (ḃuitse éigin) agus ṫug sí trí buideula ḋí. Duḃairt an fear gearr glas trí ḃuideula do ṫaḃairt do’n ḟear a ḃí ag congḃáil páirce na ngeirrḟiaḋ, agus tugaḋ ḋó iad. D’imṫiġ an ċailleaċ agus an fear, agus trí buidéala ag gaċ aon aca, agus ḃí coisire mic ríġ Éireann ag tíġeaċt leaṫ-ḃealaiġ air ais, sul a ḃí an ċailleaċ imṫiġṫe leaṫ-ḃealaiġ ag dul ann. “Suiḋ síos,” ar san ċailleaċ leis an g-coisire, “agus leig do sgíṫ, tá an ḃeirt aca pósta anois, agus ná bí briseaḋ do ċroiḋe ag riṫ.” Ṫug sí léiṫe cloigionn capaill agus ċuir sí faoi na ċeann é, agus biorán-suain ann, agus nuair leag sé a ċeann air, ṫuit sé ’nna ċodlaḋ.

Ḋóirt sise an t-uisge a ḃí aige amaċ, agus d’imṫiġ sí.

B’ḟada leis an ḃfear gearr glas go raiḃ siad ag tíġeaċt, agus duḃairt sé leis an g-cluasaire, “leag do ċluas air an talaṁ, agus feuċ an ḃfuil siad ag teaċt.” “Cluinim,” ar seiseann, “an ċailleaċ ag teaċt, agus tá an coisire ’nna ċodlaḋ, agus é ag srannfartuiġ.”

“Dearc uait,” ar san fear gearr glas leis an ngunnaire “go ḃfeicfiḋ tu ca ḃfuil an coisire.”

Duḃairt an gunnaire go raiḃ sé ann a leiṫid sin d’áit, agus cloigionn capaill faoi na ċeann, agus é ’nna ċodlaḋ.

“Cuir do ġunna le do ṡúil,” ar san fear garr glas, “agus cuir an cloigionn ó na ċeann.”

Ċuir sé an gunna le na ṡúil agus sguaib sé an ċloigionn ó na ċeann. Ḋúisiġ an coisire, agus fuair sé na buideula a ḃí aige folaṁ, agus ḃ’éigin dó filleaḋ ċum an tobair arís.

Ḃí an ċailleaċ ag teaċt ann sin agus ní raiḃ an coisire le feiceál (feicsint). Ar san fear gearr glas ann