sin, leis an ḃfear a ḃí ag cur an ṁuilinn-gaoiṫe ṫart le na ṗolláire, “éiriġ suas agus feuċ an g-cuirfeá an ċailleaċ air a h-ais.” Ċuir sé a ṁeur air a ṡrón agus nuair ḃí an ċailleaċ ag teaċt ċuir sé séideóg gaoiṫe fúiṫi a sguaib air a h-ais í. Ḃí sí teaċt arís agus rinne sé an rud ceudna léiṫe. Gaċ am a ḃíḋeaḋ sise ag teaċt a ḃfogas dóiḃ do ḃíḋeaḋ seisean dá cur air a h-ais arís leis an ngaoiṫ do ṡéideaḋ sé as a ṗolláire. Air deireaḋ ṡéid se leis an dá ṗolláire agus sguaib sé an ċailleaċ ċum an doṁain ṡoir arís. Ṫáinig coisire mic ríġ Eireann ann sin, agus ḃí an lá sin gnóṫuiġṫe.
Ḃí fearg ṁór air an mnaoi nuair ċonnairc sí naċ dtáinig a coisire féin air ais i dtosaċ, agus duḃairt sí le mac riġ Eireann, “ní ḃfuiġfiḋ tu mise anois no go siùḃailfiḋ tu trí ṁíle gan ḃróig gan stoca, air ṡnáṫaidiḃ cruaiḋe.”
Ḃí bóṫar aici trí ṁíle air fad, agus snáṫaide geura cruaiḋe craiṫte air, ċoṁ tiuġ leis an ḃfeur. Ar san fear gearr glas le fear-briste na g-cloċ le na leaṫ-ṫóin, “téiḋ agus maol iad sin.” Ċuaiḋ an fear sin orra le na leaṫ-ṫóin agus rinne sé stumpaiḋ ḋíoḃ. Duḃairt an fear gearr glas leis dul orra le na ṫóin ḋúbalta. Ċuaiḋ sé orra ann sin le na ṫóin ḋúbalta, agus rinne sé púġdar agus praiseaċ díoḃ. Ṫáinig mac ríġ Éireann agus ṡiúḃail sé na trí ṁíle, agus ḃí a ḃean gnóṫuiġṫe aige.
Pósaḋ an ḃeirt ann sin, agus ḃí an ċéud ṗóg le fáġail ag an ḃfear gearr glas. Rug an fear gearr glas an ḃean leis féin asteaċ i seomra, agus ṫosuiġ sé uirri. Ḃí sí lán ḋe naiṫreaċaiḃ niṁe, agus ḃeiḋeaḋ mac ríġ Éireann marḃ aca, nuair a raċfaḋ sé ’nna ċodlaḋ, aċt gur ṗiuc an fear gearr glas aisti iad.
Ṫainig sé go mac ríġ Eireann ann sin, agus duḃairt sé leis, “Tig leat dul le do ṁnaoi anois. Is mise an fear