níos measa na roiṁe sin; aċt níor ḟeud sé aon rud ḋéanaṁ agus ní raiḃ ḟios air biṫ aige cad é’n cineál tinnis do ḃí air. “Ní ḃéiḋ mé ag glacaḋ d’airgid uait feasta,” ar seisean, le mnaoi an tíġe, “mar naċ dtig liom rud air biṫ ḋéanaṁ annsan g-cúis seó; agus mar naċ dtuigim creud atá air, ní leigfiḋ mé orm é do ṫuigsint. Tiucfaiḋ mé le na ḟeicsint ó am go h-am aċt ní ġlacfaiḋ mé aon airgioḋ uait.”
Is air éigin d’ḟeud an ḃean an ḟearg do ḃí uirri do ċongṁáil asteaċ. Nuair ḃí an doċtúir imṫiġṫe ċruinniġ sí muinntir an tiġe le ċéile agus ġlac siad cóṁairle, “An doċtúir bradaċ sin,” ar sise, “ní fiú traiṫnín é. Ḃfuil ḟios aguiḃ creud duḃairt sé? naċ nglacfaḋ sé aon airgiod uainn feasta, agus duḃairt sé naċ raiḃ eólas air ḃiṫ aige air dadaṁ. ’Suf’ air! an biṫeaṁnaċ! ní ṫiucfaiḋ sé ṫar an tairseaċ só go bráṫ. Raċfamaoid go dtí an doċtúir eile, má tá sé níos faide uainn, féin, is cuma liom sin, caiṫfimíd a ḟáġail.” Bhí uile ḋuine a ḃí annsa teaċ air aon ḟocal léiṫe, agus ċuir siad fios air an doċtuir eile, agus nuair ṫáinig sé ní raiḃ aon eólas do ḃ’ ḟearr aige-sean ’ná do ḃí ag an g-ceud-ḋoċtúir aċt aṁáin go raiḃ eólas go leór aige air a n-airgiod do ġlacaḋ. Ṫáinig sé leis an duine tinn d’ḟeicsint, go minic, agus gaċ am a ṫáinig se do ḃí ainm eile aige níos faide ’na a ċéile air a ṫinneas, ainmneaċa (anmanna) nár ṫuig sé féin, ná duine air biṫ eile, aċt ḃí siad aige le sgannruġaḋ na n-daoine.
D’ḟan siad mar sin air feaḋ ḋá ṁí, gan ḟios ag duine air ḃiṫ creud do ḃí air an ḃfear ḃoċt, agus nuair naċ raiḃ an doċtúir sin ag déanaṁ maiṫ air biṫ ḋó, fuair siad doċtúir eile, agus ann sin doċtúir eile, no go saiḃ uile ḋoċtúir a ḃí annsa’ g-condaé aca, saoi ḋeire, agus