ċaill siad a lán airgid leó, agus b’éigin dóiḃ cuid d’á n-eallaċ ḋíol le h-airgiod ḟáġail le na n-íoc.
Bhí siad mar sin le leiṫ-ḃliaḋain ag congṁáil doċtuir leis, agus na doċtúiriḋ ag taḃairt druganna ḋó, agus an duine boċt a ḃí raṁar beaṫaiġṫe roiṁe sin, ag éiriġe lom agus tana, go naċ raiḃ unsa feóla air, aċt an croicion agus na cnáṁa aṁáin.
Bhí sé faoi ḋeire ċoṁ dona sin gur air éigin d’ḟeud sé siúḃal, agus d’imṫiġ a ġoile uaiḋ, agus buḋ ṁór an ṫriobloíd leis, greim aráin ḃuig, no deoċ bainne úir do ṡlugaḋ agus ḃí uile ḋuine ag ráḋ go m-b’ḟearr dó bás ḟáġail, agus buḋ ḃeag an t-iongnaḋ sin, mar naċ raiḃ ann aċt mar ḃeiḋeaḋ sgáile i mbuideul.
Aon lá aṁáin, nuair ḃí sé ’nsa ṡuiḋe air ċáṫaoir ag doras an tiġe, ’gá ġrianuġaḋ féin ann san teas, agus muinntir an tiġe uile imṫiġṫe amaċ, agus gan duine ann aċt é féin, ṫáinig seanduine boċt a ḃí ag iarraiḋ déirce o áit go h-áit suas ċum an dorais, agus d’aiṫniġ sé fear an tiġe ’nna ṡuiḋe annsa’ g-cáṫaoir, aċt ḃí sé ċoṁ h-aṫruiġṫe sin agus ċoṁ caiṫte sin gur air éigin d’aiṫneóċaḋ duine é. “Tá mé ann só arís ag iarraiḋ déirce ann ainm Dé,” ars an fear boċt, “aċt glóir do Ḋia a ṁáiġistir creud do ḃain duit ní tusa an fear céudna a ċonnairc mé leiṫ-ḃliaḋain ó ṡoin nuair ḃí mé ann só, go ḃfóiriġ Dia ort.”
“Ara a Sheumais,” ar san fear tinn, “is mise naċ ḃfeudfaḋ innsint duit creud do ḃain dam, aċt tá ḟios agam air aon rud, naċ mḃéiḋ mé ḃfad air an t-saoġal so.”
“Aċt tá brón orm d’ḟeicsint mar tá tu,” ar san déirceaċ, “naċ dtig leat innsint dam cia an ċaoi ar ṫosuiġ sé leat? creud a duḃairt na doċtúiriḋ?”
“Na doċtúiriḋ!” ar san fear tinn, “mo ṁallaċt orra! ní’l ḟios air dadaṁ aca, act ní ċóir dam ḃeiṫ ag