Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/130

This page has been proofread.
68
An Alp-luaċhra.

Chogair an Prionnsa, agus duḃairt sé “Nois tá ’n tart ag teaċt orra, d’oibriġ an salann a ḃí ’sa’ mairtḟeóil íad; nois tiucfaiḋ siad amaċ.” Agus sul do ḃí an focal as a ḃeul ṫuit an tríoṁaḋ ceann le “plap” annsan uisge, agus mómid ’nna ḋiaiġ sin, léim ceann eile síos ann, agus ann sin ceann eile, no gur ċóṁairiġ siad, cúiġ, sé, seaċt, oċt, naoi, deiċ g-cinn, aon ċeann deug, dá ċeann deug.

“Sin duisín aca anois,” ar san Prionnsa, “Sin é an t-ál, níor ṫáinig an t-sean-ṁáṫair fós.”

Bhí an fear ḃoċt dul ’g eíriġe arís, aċt ġlaoḋ an Prionnsa air. “Fan mar a ḃfuil tu, níor ṫáinig an ṁáṫair.”

“D’ḟan sé mar do ḃí sé, aċt níor ṫáinig aon ċeann eile amaċ, agus d’ḟan sé níos mó ná ceaṫraṁaḋ uaire. Bhí an Prionnsa féin ag éirige mí-ṡuaimneaċ, air eagla naċ g-corróċaḋ an sean-Alt-pluaċra ċor air biṫ. Bhí an duine boċt ċoṁ sáruiġṫe sin agus ċoṁ lag sin go m’ b’ḟearr leis éiriġe ’ná fanaṁaint mar a raiḃ sé, agus ann ainḋeóin gaċ ruid a duḃairt an Prionnsa ḃí sé ag seasaṁ suas, nuair rug an Prionnsa air a leaṫ-ċois agus an déirceaċ air an g-cois eile, agus do ċongḃuiġ siad síos é gan ḃuiḋeaċas dó.

D’ḟan siad ceaṫraṁaḋ uaire eile, gan ḟocal do ráḋ, agus i g-ceann an ama sin ṁoṫuiġ an duine boċt rud éigin ag corruġaḋ arís ann a ṫaoiḃ, aċt seaċt n-uaire níos measa ’na roiṁe seó, agus is air éigin d’ḟeud sé é féin do ċongḃáil o sgreadaċ. Bhí an rud sin ag corruġaḋ le tamall maiṫ ann, agus ṡaoil sé go raiḃ a ċorp reubṫa an taoḃ astíġ leis. Ann sin ṫosuiġ an rud ag teaċt suas, agus ṫáinig sé go dtí a ḃeul agus cuaiḋ sé air ais arís. Ṫáinig sé faoi ḋeire ċoṁ fada sin gur ċuir an duine boċt a ḋá ṁeur ann a ḃeul agus ṡaoil sé greim ḟáġail uirri. Aċt má’s obann ċuir sé a ṁeura