’steaċ is luaiṫe ’ná sin ċuaiḋ an tsean alt-pluaċra air ais.
“’Ór! a ḃiṫeaṁnaiġ!” ar san Prionnsa, “cad ċuige rinn’ tu sin? Naċ duḃairt mé leat gan cor do ċur asad. Má ṫig sé suas arís fan go socair.” B’ éigin dóiḃ fanaṁaint le leaṫ-uair mar do ḃí sean-ṁáṫair na n-alp-luaċra sgannruiġṫe, agus ḃí faitċios urri ṫeaċt amaċ. Aċt ṫáinig sí suas arís, faoi ḋeire; b’éidir go raiḃ an iomarcuiḋ tart’ urri agus níor ḟeud sí bolaḋ an uisge a ḃí ag cur caṫuiġṫe uirri ṡeasaṁ, no b’éidir go raiḃ sí uaigneaċ ’r éis a clainne d’imṫeaċt uaiṫi. Air ṁóḋ air biṫ ṫáinig sí amaċ go bárr á ḃéil agus ṡeas sí air a ṫeanga ċoṁ fad agus ḃeiṫeá ag cóṁaireaṁ ceiṫre fiċiḋ, agus ann sin léim sí mar do léim a h-ál roimpi, asteaċ ’san uisge, agus buḋ ṫruime toran a tuitim’ seaċt n-uaire, ’ná an plap a rinne a clann.
Bhí an Prionnsa agus an ḃeirt eile ag breaṫnuġaḋ air sin, go h-iomlán, agus buḋ ḃeag naċ raiḃ faitċios orra, a n-anál do ṫarraing, air eagla go sgannróċaḋ siad an beiṫiḋeaċ gránna. Ċoṁ luaṫ agus léim sí asteaċ ’san uisge ṫarraing siad an fear air ais, agus ċuir siad air a ḋá ċois arís é.
Bhí se trí huaire gan ḟocal do laḃairt, aċt an ċeud ḟocal a duḃairt sé, buḋ h-é “is duine nuaḋ mé.”
Ċongḃuiġ an Prionnsa ann a ṫeaċ féin le coicíḋeas é, agus ṫug se aire ṁór agus beaṫuġaḋ maiṫ ḋó. Leig sé ḋó imṫeaċt ann sin, agus an inġean agus an déirceaċ leis, agus ḋiúltuiġ sé oiread agus píġin do ġlacaḋ uaṫa.
“B’ḟearr liom ’ná deiċ bpúnta air mo láiṁ féin,” ar sé, “gur ṫionntuiġ mo leiġeas amaċ ċoṁ maiṫ sin; nár leigfiḋ Dia go nglacfainn piġin no leiṫ-ṗi’n uait. Chaill tu go leór le doċtúiriḃ ċeana.”