Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/136

This page has been proofread.
74
Páidín O’Ceallaiġ agus an easóg.

an teaġlaċ. Aċt faoi ḋeireaḋ nuair d’imṫiġ sí d’éiriġ Páidín, agus ċuir sé an méad óir a ḃí cruinniġṫe aici ann a ṗóca, agus amaċ leis.

Ní raiḃ sé a ḃ-fad imṫiġṫe gur ċualaiḋ sé an easóg ag teaċt ’nna ḋiaiġ agus í ag sgreadaoil ċoṁ h-árd le píobaiḃ. Ċuaiḋ sí roiṁ Páidín air an mbóṫar agus í ag lubarnuiġ anonn ’s anall agus ag iarraiḋ greim sgornaiġ d’ḟáġail air. Ḃí maide maiṫ daraċ ag Páidín agus ċongḃuiġ sé í uaiḋ go dtáinig beirt ḟear suas. Ḃí madaḋ maiṫ ag fear aca, agus ruaig sé asteaċ i bpoll ’san mballa í.

Cuaiḋ Páidín ċum an aonaiġ, agus ann áit é ḃeiṫ tíġeaċt a ḃaile leis an airgiod a fuair sé air a ṡean-asal, mar ṡaoil sé air maidin go mbeiḋeaḋ sé ag deanaṁ, ċeannuiġ sé capall le cuid de’n airgiod a ḃain sé de’n easóig, agus ṫáinig sé a ḃaile agus é ag marcuiġeaċt. Nuair ṫáinig sé ċoṁ fada leis an áit ar ċuir an madaḋ an easóg ann san bpoll, ṫáinig sí amaċ roiṁe, ṫug léim suas, agus fuair greim sgornaiġ air an g-capall. Ṫosuiġ an capall ag riṫ, agus níor ḟeud Páidín a ċeapaḋ, no go dtug sé léim asteaċ i g-clais ṁóir a ḃí líonta d’uisge agus de ṁúlaċ. Ḃí sé ’gá ḃáṫaḋ agus ’gá ṫaċtaḋ go luaṫ, go dtáinig fir suas a ḃí teaċt as Gailliṁ agus ḋíḃir siad an easóg.

Ṫug Páidín an capall a ḃaile leis, agus ċuir sé asteaċ i dteaċ na mbó é, agus ṫuit sé ’nna ċodlaḋ.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, d’éiriġ Páidín go moċ, agus ċuaiḋ sé amaċ le uisge agus féar ṫaḃairt do’n capall. Nuair ċuaiḋ sé amaċ ċonnairc sé an easóg ag teaċt amaċ as teaċ na mbó, agus í foluiġṫe le fuil. “Mo