ṡeaċt míle mallaċt ort,” ar Páidín, “tá faitċios orm go ḃfuil anaċain déanta agad.” Cuaiḋ sé asteaċ, agus fuair sé an capall, péire bó-bainne, agus dá laoġ marḃ Ṫáinig sé amaċ agus ċuir sé madaḋ a ḃí aige anḋiaiġ na h-easóige. Fuair an madaḋ greim uirri agus fuair sise greim air an madaḋ. Buḋ madaḋ maiṫ é, aċt b’éigin dó a ġreim sgaoileaḋ sul ṫáinig Páidín suas; aċt ċongḃuiġ sé a ṡúil uirri go ḃfacaiḋ sé í ag dul asteaċ i mboṫán beag a ḃí air ḃruaċ loċa. Ṫáinig Páidín ag riṫ, agus nuair ḃí sé ag an mboṫáinín beag ṫug sé craṫaḋ do’n ṁadaḋ agus ċuir sé fearg air, agus ċuir sé asteaċ roiṁe é. Nuair ċuaiḋ an madaḋ asteaċ ṫosuiġ sé ag taṫfant. Ċuaiḋ Páidín asteaċ agus ċonnairc sé sean-ċailleaċ ann san g-coirnéul. D’ḟiafruiġ sé ḋí an ḃfacaiḋ sí easóg ag teaċt asteaċ.
“Ní ḟacaiḋ mé,” ar san ċailleaċ, “tá mé breóiḋte le galar millteaċ agus muna dtéiḋ tu amaċ go tapa glacfaiḋ tu uaim é.”
Coṁ fad agus ḃí Páidín agus an ċailleaċ, ag caint, ḃí an madaḋ ag teannaḋ asteaċ, no go dtug sé léim suas faoi ḋeireaḋ, agus rug sé greim sgornaiġ air an g-cailliġ.
Sgreaḋ sise, agus duḃairt, “tóg díom do ṁadaḋ a Páidín Ui Ċeallaiġ, agus deunfaiḋ mé fear saiḋḃir díot.”
Chuir Páidín iaċ (d’ḟiaċaiḃ) air an madaḋ a ġreim sgaoileaḋ, agus duḃairt sé, “Innis dam cia ṫu, no cad fáṫ ar ṁarḃ tu mo ċapall agus mo ḃa?”
“Agus cad fáṫ dtug tusa leat an t-ór a raiḃ mé cúig ċeud ḃliaḋain ’gá ċruinniuġaḋ ameasg cnoc agus gleann an doṁain.”
“Ṡaoil mé gur easóg a ḃí ionnad,” ar Páidín, “no ni ḃainfinn le do ċuid óir; agus niḋ eile, má tá tu cúig