agus duisín caora. Ní raiḃ ḟios ag na cóṁarsannaiḃ cia an áit a ḃfuair sé an t-airgiod. Duḃairt cuid aca go raiḃ roinn aige leis na daoniḃ maiṫe.
Aon lá aṁáin ġleus Páidín é féin agus ċuaiḋ sé ċum an duine-uasail ar leis an teaċ mór, agus d’ iarr air, an teaċ agus an talaṁ do ḃí ’nna ṫimcioll, do ḋíol leis.
“Tig leat an teaċ ḃeiṫ agad gan ċíos, aċt ta taiḋḃse ann, agus níor ṁaiṫ liom ṫu dul do ċóṁnuiḋe ann, gan a innsint, aċt ní sgarfainn leis an talaṁ gan ceud púnta níos mó ’ná tá agad-sa le tairgsint dam.”
“B’éidir go ḃfuil an oiread agam-sa ’s atá agad féin,” ar Páidín, “béiḋ mé ann so amáraċ leis an airgiod má tá tusa réiḋ le seilḃ do ṫaḃairt dam.”
“Béiḋ mé réiḋ,” ar san duine-uasal.
Ċuaiḋ Páidín aḃaile agus d’innis d’á ṁnaoi go raiḃ teaċ mór agus gaḃáltas talṁan ceannuiġṫe aige.
“Cia an áit a ḃfuair tu an t-airgiod?” ar san ḃean.
“Naċ cuma ḋuit?” ar Páidín.
Lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ Páidín ċum an duine-uasail, ṫug ceud púnta ḋó, agus fuair seilḃ an tiġe agus an talṁan, agus d’ḟág an duine-uasal an truscán aige asteaċ leis an margaḋ.
D’ḟan Páidín ann san teaċ an oiḋċe sin, agus nuair ṫáinig an dorċadas ċuaiḋ sé síos ann san tsoiléar, agus ċonnairc sé fear beag le na ḋá ċois sgarṫa air ḃáirille.
“’Niḋ Dia ḋuit, a ḋuine ċóir,” ar san fear beag.
“Go mbuḋ h-é ḋuit,” ar Páidín.
“Ná bíoḋ aon ḟaitċios ort róṁam-sa,” ar san fear beag, “béid mé mo ċaraid maiṫ ḋuit-se má tá tu ionnán run do ċongḃáil.”