“Táim go deiṁin. Ċongḃuiġ mé rún do ṁátar, agus congḃóċaiḋ mé do rún-sa mar an g-ceudna.”
“B’éidir go ḃfuil tart ort,” ar san fear ḃeag.
“Ní’l mé saor uaíḋ,” air Páidín.
Ċuir an fear beag láṁ ann a ḃrollaċ, agus ṫarraing sé corn óir amaċ, agus ṫug do Páidín é, agus duḃairt leis, “tarraing fíon as an mbáirille sin fúm.”
Ṫarraing Páidín lán coirn agus ṡeaċaid do’n ḟear beag é. “Ól, ṫu féin, i dtosaċ,” ar seisean. D’ól Páidín, ṫarraing corn eile agus ṫug dón ḟear beag é, agus d’ól sé é.
“Líon suas agus ól arís,” ar san fear beag, “is mian liom-sa ḃeiṫ go súgaċ anoċt.”
Ḃí an ḃeirt ag ól gó raḃadar leaṫ air meisge. Ann sin ṫug an fear beag léim anuas air an urlár, agus duḃairt le Páidín, “naċ ḃfuil dúil agad i g-ceól?”
“Tá go deiṁin,” ar Páidín, “agus is maiṫ an daṁsóir mé.”
“Tóg suas an leac ṁór atá ’san g-coirneul úd, agus geoḃaiḋ tu mo ṗíobaiḋ fúiṫi.”
Ṫóg Páidín an leac, fuair na píobaiḋ, agus ṫug do ’n ḟear beag iad. D’ḟáisg sé na píobaiḋ air, agus ṫosuiġ sé ag seinm ceóil ḃinn. Ṫosuiġ Páidín ag daṁsa go raiḃ sé tuirseaċ. Ann sin bí deoċ eile aca, agus duḃairt an fear beag:
“Deun mar duḃairt mo ṁáṫair leat, agus taisbéanfaiḋ mise saiḋḃreas mór duit. Tig leat do ḃean ṫaḃairt ann so, aċt ná h-innis dí go ḃfuil mise ann, agus ní ḟeicfiḋ fí mé. Am air biṫ a ḃéiḋeas lionn nó fíon ag teastáil uait tar ann so agus tarraing é. Slán leat