anois, agus téiḋ ann do ċodlaḋ, agus tar ċugam-sa an oiḋċe amáraċ.”
Cuaiḋ Páidín ’nna leabuiḋ, agus níor ḃfada go raiḃ sé ’nna ċodlaḋ.
Air maidin, lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ Páidín a ḃaile agus ṫug a ḃean agus a ċlann go dtí an teaċ mór, agus ḃíodar go sona. An oiḋċe sin ċuaiḋ Páidín síos ann san tsoiléar. Ċuir an fear beag fáilte roiṁe, agus d’iarr air “raiḃ fonn daṁsa air?”
“Ní’l go ḃfáġ’ mé deoċ,” ar Páidín.
“Ól do ṡaiṫ,” ar san fear beag, “ní ḃéiḋ an ḃáirille sin folaṁ fad do ḃeaṫa.”
D’ól Páidín lán an ċoirn agus ṫug deoċ do ’n ḟear ḃeag; ann sin duḃairt an fear beag leis:
“Táim ag dul go Dún-na-síḋ anoċt, le ceól do ṡeinm do na daoiniḃ maiṫe, agus má ṫagann tu liom feicfiḋ tu greann breáġ. Ḃéarfaiḋ mé capall duit naċ ḃfacaiḋ tu a leiṫeid asiaṁ roiṁe.”
“Raċfad agus fáilte,” ar Páidín, “aċt cia an leis-sgeul a ḋeunfas mé le mo ṁnaoi?”
“Téiḋ do ċodlaḋ léiṫe, agus ḃéarfaiḋ mise amaċ ó n-a taoiḃ ṫu, a gan ḟios dí, agus ḃéarfaiḋ mé air ais ṫu an ċaoi ċeudna,” ar san fear beag.
“Táim úṁal,” ar Páidín, “béiḋ deoċ eile agam sul a dtéiḋ mé as do láṫair.”
D’ól sé deoċ andiaiġ díġe, go raiḃ sé leaṫ air meisge agus ċuaiḋ sé ’nn a leabuiḋ ann sin le na ṁnaoi.
Nuair ḋúisiġ sé fuair sé é féin ag marcuiġeaċt air sguaib i ngar do Ḋún-na-síḋ, agus an fear beag ag marcuiġeaċt air sguaib eile le na ṫaoiḃ. Nuair táinig siad ċoṁ fada le cnoc glas an Dúin, laḃair an fear beag