Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/152

This page has been proofread.
90
Ulliam O Ruanaiġ.

“Is fíor duit,” ar Páidín, “duḃairt sí naċ raiḃ sí le ḃeiṫ air an t-saoġal so aċt mí, agus tá an ṁí suas andé.”

Air maidin, an lá air na ṁáraċ, ċuaiḋ Páidín cum an ḃoṫáin agus fuair sé an ċailleaċ marḃ. Chuirsé splanc faoi an mboṫán agus ḋóiġ sé é Ṫáinig sé a ḃaile ann sin, agus d’innis sé do’n ḟear beag go raiḃ an boṫán dóiġte. Ṫug an fear beag sporán dó agus duḃairt, “Ní ḃéiḋ an sporán sin folaṁ ċoṁ ḟad agus ḃéiḋeas tu beó. Slán leat anois. Ní ḟeicfiḋ tu mé níos mó, aċt bíoḋ cuiṁne gráḋaċ agad air an easóig. B’ise tosaċ agus príoṁ-áḋḃar do ṡaiḋḃris.”

Ṁair Páidín agus a ḃean bliaḋanta anḋiaiġ seó, ann san teaċ mór, agus nuair fuair sé bas d’ḟág sé saiḋḃreas mór ’nna ḋíaiġ, agus muiriġín ṁór le na ċaṫaḋ.

Sin ċugaiḃ mo sgeul anois ó ṫús go deire, mar ċualaiḋ mise ó mo ṁáṫair ṁóir é.



UILLIAM O RUANAIĠ.


Ann san aimsir i n-allód ḃí fear ann dar ab ainm Uilliam O Ruanaiġ, ’nna ċóṁnuiḋe i ngar do Ċlár-Gailliṁ. Bí sé ’nna ḟeilméar. Áon lá aṁain ṫáinig an tiġearna-talṁan ċuige agus duḃairt, “Tá cíos tri bliaḋain agam ort, agus muna mbéiḋ sé agad dam faoi ċeann seaċtṁaine caiṫfiḋ mé amaċ air ṫaoiḃ an ḃóṫair ṫu.

“Táim le dul go Gailliṁ amáraċ le h-ualaċ cruiṫneaċta do ḋíol, agus nuair a ġeoḃas mé a luaċ íocfaiḋ mé ṫu,” ar Liam.

Air maidin, lá air na ṁáraċ, ċuir sé ualaċ cruiṫneaċta air an g-cairt agus ḃí sé dul go Gailliṁ leis.