Nuair ḃí sé timċioll míle go leiṫ imṫiġṫe o’n teaċ, ṫáinig duine-uasal ċuige agus d’ḟiafruiġ sé dé “An cruiṫneaċt atá agad air an g-cairt?”
“Seaḋ,” ar Liam, “tá mé dul ’gá ḋíol le mo ċíos d’íoc.”
“Cia ṁéad atá ann?” ar san duine uasal.
“Tá tonna cneasta ann,” ar Liam.
“Ceannóċaiḋ mé uait é,” ar san duine uasal, “agus ḃéarfaiḋ mé an luaċ is mó ’sa’ masgaḋ ḋuit. Nuair a raċfas tu ċoṁ fad leis an mbóṫairín cártaċ atá air do láiṁ ċlé, cas asteaċ agus ḃí ag imṫeaċt go dtagaiḋ tu go teaċ mór atá i ngleann, agus ḃéiḋ mise ann sin róṁad le d’ airgiod do ṫaḃairt duit.”
Nuair ṫáinig Liam ċoṁ fada leis an mbóṫairín ċas sé asteaċ, agus ḃí sé ag imṫeaċt go dtáinig sé ċoṁ fada le teaċ mór. Ḃí iongantas air Liam nuair ċonnairc sé an teaċ mór, mar rugaḋ agus tógaḋ ann san g-cóṁarsanaċt é, agus ní ḟacaiḋ sé an teaċ mór ariaṁ roiṁe, cíḋ go raiḃ eólas aige air uile ṫeaċ i ḃfoiġseaċt cúig ṁíle ḋó.
Nuair ṫáinig Liam i ngar do sgioból a ḃí anaice leis an teaċ mór ṫáinig buaċaill beag amaċ agus duḃairt, “céad míle fáilte róṁad a Liaim Ui Ruanaiġ,” ċuir sac air a ḋruim agus ṫug asteaċ é. Ṫáinig buaċaill beag eile amaċ, ċuir fáilte roiṁ Liam, ċuir sac air a ḋruim, agus d’imṫiġ asteaċ leis. Ḃí buaċailliḋe ag teaċt, ag cur fáilte roiṁ Liam, agus ag taḃairt sac leó, go raiḃ an tonna cruiṫneaċta imṫiġṫe. Ann sin ṫáinig iomlán na mbuaċaill i láṫair agus duḃairt Liam leó. “Tá eólas agaiḃ uile orm-sa agus ní’l eólas agam-sa orraiḃ-se.” Ann sin duḃradar leis, “téiḋ asteaċ, agus iṫ do ḋínnéar, tá an máiġistir ag fanaṁaint leat.”
Ċuaiḋ Liam asteaċ agus ṡuiḋ sé síos ag an mbord. Níor iṫ sé an dara greim go dtáinig trom-ċodlaḋ air