Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/156

This page has been proofread.
94
Uilliam O Ruanaiġ.

agus ṫuit sé faoi an mbord. Ann sin rinne an draoiḋeadóir fear-bréige cosṁúil le Liam, agus ċuir a ḃaile ċum mná Liaim é, leis an g-capall, agus leis an g-cairt. Nuair ṫáinig sé go teaċ Liaim ċuaiḋ sé suas ann san t-seomra, luiḋ air leabuiḋ, agus fuair bás.

Níor ḃfada go ndeacaiḋ an ġáir amaċ go raiḃ Liam O Ruanaiġ marḃ. Ċuir an ḃean uisge síos agus nuair ḃí sé teiṫ niġ sí an corp agus ċuir os cionn cláir é. Ṫáinig na cóṁarsanna agus ċaoineadar go ḃrónaċ os cionn an ċuirp, agus ḃí truaġ ṁór ann do’n ṁnaoi ḃoiċt aċt ní raiḃ mórán bróin uirri féin, mar ḃí Liam aosta agus í féin óg. An lá air na ṁáraċ cuireaḋ an corp agus ní raiḃ aon ċuiṁne níos mó air Liam.

Ḃí buaċaill-aimsire ag mnaoi Liaim agus duḃairt sí leis, “buḋ ċóir duit mé ṗósaḋ, agus áit Liaim ġlacaḋ.”

“Tá sé ró luaṫ fós, anḋiaiġ bás do ḃeiṫ ann san teaċ,” ar san buaċaill, “fan go mbéiḋ Liam curṫa seaċtṁain.”

Nuair ḃí Liam seaċt lá agus seaċt n-oiḋċe ’nna ċodlaḋ ṫáinig buaċaill beag agus ḋúisiġ é. Ann sin duḃairt sé leis, “táir seaċtṁain do ċodlaḋ. Ċuireamar do ċapall agus do ċairt aḃaile. Seó ḋuit do ċuid airgid, agus imṫiġ.”

Ṫáinig Liam a ḃaile, agus mar ḃí sé mall ’san oiḋċe ní ḟacaiḋ aon duine é. Air maidin an laé sin ċuaiḋ bean Liaim agus an buaċaill-aimsire ċum an t-sagairt agus d’iarr siad air iad do ṗósaḋ.

“Ḃfuil an t-airgiod-pósta agaiḃ?” ar san sagart.

“Ní’l,” ar san ḃean, “aċt tá storc muice agam ’sa’ mbaile, agus tig leat í ḃeiṫ agad i n-áit airgid.”

Ṗós an sagart iad, agus duḃairt, “cuirfead fios air an muic amáraċ.”

Nuair ṫáinig Liam go dtí a ḋoras féin, ḃuail sé buille