D’innis an buaċaill dó go raiḃ Liam O Ruanaiġ ann san stábla, agus naċ leigfeaḋ sé ḋó an ṁuċ ṫaḃairt leis.
“Bí do ṫost, a ḃreugadóir,” ar ran sagart, “tá Liam O’Ruanaiġ marḃ agus ann san uaiġ le seaċtṁain.”
“Dá mbeiḋ’ sé marḃ seaċt mbliaḋna connairc mise ann san stábla é ḋá ṁóimid ó ṡoin, agus muna g-creideann tu, tar, ṫu féin, agus feicfiḋ tu é.”
Ann sin ṫáinig an sagart agus an buaċaill le ċéile go doras an stábla, agus duḃairt an sagart, “téiḋ asteaċ agus cuir an ṁuc sin amaċ ċugam.”
“Ní raċfainn asteaċ air son an ṁéid is fiú ṫu,” ar san buaċaill.
Ċuaiḋ an sagart asteaċ ann sin agus ḃí sé ag tiomáint na muice amaċ, nuair d’éiriġ Liam suas as an tuiġe agus duḃairt, “cá ḃfuil tu dul le mo ṁuic, a aṫair Ṗádraig?”
Nuair a ċonnairc an sagart Liam ag éiriġe, as go bráṫ leis, ag ráḋ: “i n-ainm Dé orduiġim air ais go dtí an uaiġ ṫu a Uilliaim Ui Ruanaiġ.”
Ṫosuiġ Liam ag riṫ anḋiaiġ an tsagairt, agus ag ráḋ “A aṫair Ṗádraig ḃfuil tu air mire? fan agus laḃair Liom.”
Níor ḟan an sagart aċt ċuaiḋ a ḃaile ċoṁ luaṫ agus d’ḟeud a ċosa a iomċar, agus nuair ṫáinig sé asteaċ ḋún sé an doras. Ḃí Liam ag bualaḋ an dorais go raiḃ sé sáruiġṫe, aċt ní leigfeaḋ an sagart asteaċ é. Faoi ḋeireaḋ ċuir sé a ċeann amaċ air ḟuinneóig a ḃí air ḃárr an tíġe agus duḃairt, “A Uilliam Ui Ruanaiġ téiḋ air ais ċum d’uaiġe.”
“Tá tu air mire a aṫair Ṗádraig, ní’l mé marḃ, agus ní raiḃ mé ann aon uaiġ ariaṁ ó d’ḟág me bronn mo ṁáṫar,” ar Liam.
“Ċonnairc mise marḃ ṫu,” ar san sagart, “fuair tu bás obann agus ḃí mé i láṫair nuair cuireaḋ ṫu ’san uaiġ, agus rinne mé seanmóir ḃreáġ os do ċionn.”