“Naċ ḃfuil ḟios ag uile ḋuine ann san ḃparáiste go ḃfuil tu marḃ,” ar san ḃean.
“Do ċorp ó’n diaḃal,” ar Liam, “tá tu ag magaḋ fada go leór liom. Fáġ ḋam niḋ le n-iṫe.”
Ḃí eagla ṁór air an mnaoi ḃoiċt agus ġleus sí biaḋ ḋó, agus nuair ċonnairc sí é ag iṫe agus ag ól duḃairt sí, “tá míorḃúil ann.”
Ann sin d’innis Liam a sgeul dí, o ḃonn go bárr, agus nuair d’innis sé gaċ niḋ, duḃairt sé, “raċfad ċum na n-uaiġe amáraċ go ḃfeicfead an biṫeaṁnaċ do ċuir siḃ-se i m’áit-sé.”
Lá air na ṁáraċ ṫug Liam dream daoine leis, agus ċuaiḋ sé ċum na roilige, agus d’ḟosgail siad an uaiġ, agus ḃíodar dul an ċóṁra d’ḟosgailt, agus nuair a ḃí siad ’gá tógḃáil suas léim madaḋ mór duḃ amaċ, agus as go ḃráṫ leis, agus Liam agus na fir eile ’nna ḋiaiġ. Ḃíodar ’gá leanaṁaint go ḃfacadar é ag dul asteaċ ann san teaċ a raiḃ Liam ’nna ċodlaḋ ann. Ann sin d’ḟosgail an talaṁ agus ċuaiḋ an teaċ síos, agus ní ḟacaiḋ aon duine é ó ṡoin, aċt tá an poll mór le feicsint go dtí an lá so.
Nuair d’imṫiġ Liam agus na fir óga aḃaile d’innis síad gaċ niḋ do ṡagart na paráiste, agus sgaoil sé an pósaḋ a ḃí eidir bean Liaim agus an buaċaill-aimsire.
Do ṁair Liam bliaḋanta ’nna ḋiaiġ seó, agus d’ḟág sé saiḋḃreas mór ’nna ḋiaiġ, agus tá cuiṁne air i g-Clár-Gailliṁ fós, agus ḃéiḋ go deó, má ṫéiḋeann an sgeul so ó na sean-daoiniḃ ċum na ndaoine óg.