Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/66

This page has been proofread.
4
An Táiliúr agus na tri ḃeiṫiġeaċ.

“Deunfaiḋ mé sin go deiṁin,” ar san táiliúr, “agus fáilte.” Ṫug sé an spád leis agus an tsluasad, agus rinne sé poll, agus duḃairt sé leis an g-capall bán dul síos ann, go ḃfeicfeaḋ sé an ḃfóirfeaḋ sé ḋó. Ċuaiḋ an capall bán síos ann san bpoll, aċt nuair d’ḟeuċ sé do ṫeaċt suas arís as, níor ḟeud sé.

“Deun áit dam anois,” ar san capall bán, “a ṫiucfas mé aníos as an bpoll so nuair a ḃéiḋeas ocaras orm.” “Ní ḋeunfad,” ar san táiliúr, “fan ann sin go dtigiḋ mé air m’ais, agus tógfaiḋ mé aníos ṫu.”

D’imṫiġ an táiliúr an lá air na máraċ, agus casaḋ ḋó an sionnaċ, “Go mbeannuiġ Dia ḋuit,” ar san sionnaċ. “Go mbeannuiġ Dia ’gus Muire ḋuit.” “Cá ḃfuil tu dul? “Tá mé dul go B’l’acliaṫ go ḃfeuċaiḋ mé an dtiucfaiḋ liom cúirt ḋeunaṁ do’n ríġ.” “An ndeunfá áit dam, a raċfainn i ḃfolaċ innti,” ar san sionnaċ, “tá an ċuid eile de na sionnaiġiḃ do m’ ḃualaḋ agus ní leigeann siad dam aon niḋ iṫe ’nna g-cuideaċta.” “Deunfaiḋ mé sin duit,” ar san táiliúr. Ṫug sé leis a ṫuaġ agus a ṡáḃ agus ḃain se slata, go ndearnaiġ sé, mar ḋeurfá, cliaḃ dó, agus duḃairt sé leis an tsionnaċ dul síos ann, go ḃfeicfeaḋ se an ḃfóirfeaḋ sé ḋó. Ċuaid an sionnaċ ann, agus nuair fuair an táiliúr ṡíos é, leag sé a ṫóin air an bpoll a ḃí ann. Nuair a ḃí an sionnaċ sásta faoi ḋeireaḋ go raiḃ áit ḋeas aige d’iarr sé air an táiliúr a leigean amaċ, agus d’ḟreagair an táiliúr naċ leigfeaḋ, “Fan ann sin go dtigiḋ mise air m’ais,” ar sé.

D’imṫiġ an táiliúr an lá air na ṁáraċ, agus ní fada ḃí sé siúḃal gur casaḋ madr’-alla ḋó, agus ċuir an mádr’-alla forán air, agus dḟiafruiġ sé ḋé cá raiḃ sé ag triall. “Tá me dul go B’l’acliaṫ go ndeunfaiḋ mé cúirt do’n ríġ má ṫig liom sin ḋeunaṁ,” ar san táiliúr. “Dá ndeunfá ceuċt dam,” ar san madr’-alla, “ḃeiḋeaḋ