Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/68

This page has been proofread.
6
An Táiliúr agus na tri ḃeiṫiġeaċ.

mise agus na madr’-alla eile ag treaḃaḋ agus ag forsaḋ, go mbeiḋeaḋ greim againn le n-iṫe ann san ḃfóġṁar.” “Deunfaiḋ mé sin duit,” ar san táiliúr. Ṫug sé leis a ṫuaġ ’s a ṡáḃ, agus rinne sé ceuċt. Nuair ḃí an ceuċt deunta ċuir sé poll ann san mbéam (sail) agus duḃairt se leis an madr’-alla dul asteaċ faoi an g-ceuċt go bḟeicfeaḋ sé an raiḃ treaḃaċ maiṫ ann. Ċuir sé a earball asteaċ ann san bpoll a rinne sé, agus ċuir sé “peg” ann-sin ann, agus níor ṫáinig leis an madr’-alla a earball ṫarraing amaċ as arís. “Sgaoil mé anois,” ar ran madr’-alla, “agus deasóċamaoid féin agus treaḃfamaoid.” Duḃairt an táiliúr naċ sgaoilfeaḋ sé é no go dtiucfaḋ sé féin air ais. D’ḟág sé ann sin é agus ċuaiḋ sé go B’l’acliaṫ.

Nuair ṫáinig sé go B’l’acliaṫ ċuir sé páipeur amaċ an méad luċd’ céirde do ḃí ag tógḃáil na cúirte do teaċt ċuige-sean, agus go n-íocfaḋ seisean iad——agus ní ḃíḋeaḋ daoine ag fáġail ’san am sin aċt píġin ’san lá. Do ċruinniġ a lán luċd céirde an lá air na ṁáraċ, agus ṫosaiġ siad ag obair dó. Ḃí siad ag dul a ḃaile anḋiaiġ an laé nuair duḃairt an tailiúr leó “an ċloċ ṁór sin do ċur suas air ḃárr na h-oibre a ḃí deunta aige.” Nuair d’ árduiġeaḋ suas an ċloċ ṁór sin, ċuir an tailiúr sliġe éigin fúiṫi go leagfaḋ sé anuas í nuair a ṫiucfaḋ an faṫaċ ċoṁ fada léiṫe. D’imṫiġ an luċd oibre a ḃaile ann sin, agus ċuaiḋ an tailiúr i ḃfolaċ air ċúl na cloiċe móire. Nuair ṫáinig dorċadas na h-oiḋċe ċonnairc sé na trí faṫaiġ ag teaċt, agus ṫosuiġ siad ag leagaḋ na cúirte no go dtáinig siad ċoṁ fada leis an áit a raiḃ an táiliúr ṡuas, agus ḃuail fear aca buille d’á ord air an áit a raiḃ sé í ḃfolaċ. Leag an tailiúr an ċloċ anuas air, agus, ṫuit sí air, agus ṁarḃ sí é. D’imṫiġ siad a ḃaile ann sin, agus d’ḟág siad an méad a ḃí ann gan leagan, ó ḃí fear aca féin marḃ.