Page:Beside the Fire - Douglas Hyde.djvu/70

This page has been proofread.
8
An Táiliúr agus na tri ḃeiṫiġeaċ.

Ṫáinig an luċt céirde arís, an lá air na ṁáraċ, agus ḃí siad ag obair go dtí an oiḋċe, agus nuair a ḃí siad dul aḃaile duḃairt an tailiúr leó an ċloċ ṁór do ċur suas air ḃárr na h-oibre mar ḃí rí an oiḋċe roiṁe sin. Rinne siad sin dó, agus d’imṫiġ siad aḃaile, agus cuaiḋ an tailiúr i ḃfolaċ, mar ḃí sé an traṫnóna roiṁe sin. Nuair ḃí na daoine uile imṫiġṫe ’nna suaiṁneas, ṫáinig an dá ḟaṫaċ, agus ḃí siad ag leagan an ṁéid a ḃí rompa; agus nuair ṫosuiġ siad, ċuir siad dá ġlaoḋ asta. Ḃí an tailiúr air siúḃal agus é ag obair no gur leag sé anuas an ċloċ ṁór gur ṫuit sí air ċloigionn an ḟaṫaiġ a ḃí fúiṫi agus ṁarḃ sí é. Ní raiḃ ann sin aċt an t-aon ḟaṫaċ aṁáin ann, agus ní ṫáinig seisean go raiḃ an ċúirt críoċnuiġṫe.

Ċuaiḋ an táiliúr ċum an riġ ann sin, agus duḃairt sé leis, a ḃean agus a ċuid airgid do ṫaḃairt dó, mar do ḃí an ċúirt déanta aige, aċt duḃairt an ríġ leis naċ dtiúḃraḋ sé aon ḃean dó, no go marḃfaḋ sé an faṫaċ eile, agus naċ dtiúḃraḋ sé dadaṁ dó anois no go marḃfaḋ sé an fear deireannaċ. Duḃairt an táiliúr ann sin go marḃfaḋ sé an faṫaċ eile ḋó, agus fáilte, naċ raiḃ aon ṁaille air biṫ air sin.

D’imṫiġ an táiliúr ann sin, go dtáinig sé ċum na h-áite a raiḃ an faṫaċ eile, agus d’ḟiafruiġ ar ṫeastuig buaċaill uaiḋ. Duḃairt an faṫaċ gur ṫeastuiġ, dá ḃfáġaḋ sé buaċaill a ḋeunfaḋ an rud a deunfaḋ sé féin. “Rud air biṫ a ḋeunfas tusa, deunfaiḋ mise é,” ar san tailiúr.

Ċuaid siad ċum a ndinéir ann sin, agus nuair ḃí sé iṫte aca duḃairt an faṫaċ leis an táiliúr an dtiucfaḋ leis an oiread anḃruiṫ ól agus é féin, aníos as a ḟiucaḋ. “Tiucfaiḋ,” ar san tailiúr, aċt go dtiúḃraiḋ tu uair dam sul a ṫosóċamaoid air.” “Ḃéarfaiḋ mé sin duit,” ar san faṫac. Ċuaiḋ an tailiúr amaċ ann sin, agus