ḃuiġ an ḃean cuid de’n ḃainne uaiṫi do ṁarḃfaḋ sí iad uile.
Ḃí fear de na Fiannaiḃ ’nna ḋall, agus nuair leigeaḋ an cu amaċ d’ḟiafruiġ sé de na daoiniḃ a ḃí anaice leis, cia an ċaoi a rinne an cú óg. Duḃairt siad-san leis gur ṁarḃ an cu óg an meud gé fiaḋáin agus eun a ḃi ann san ngleann, aċt beagán aca a ċuaiḋ amaċ air ḃearna, agus go raiḃ sí teaċt a ḃaile anois. “Dá ḃfáġaḋ sí an bainne uile a ṫáinig de’n ḃo gan aon ḃall,” ar san dall, “ni leigfeaḋ sí d’eun air biṫ imṫeaċt uaiḋi,” agus d’ḟiafruiġ sé, ann sin, cad é an ċaoi a raiḃ sí tíġeaċt a ḃaile. “Tá sí teaċt anois,” ar siad, “agus, sgáil’ lasta as a muineul agus i air buile.”
“Taḃair m’impiḋe ḋam anois,” ar san dall, “agus cuir mé ’mo ṡuiḋe ann san g-cáṫaoir agus cuir gual ann mo láiṁ, óir muna marḃaim í anois marḃfaiḋ sí muid (sinn) uile. Ṫáinig an cú, agus ċaiṫ sé an gual léiṫe agus ṁarḃ sé í, agus é dall.
Aċt dá ḃfágaḋ an coileán sin an bainne uile do ṫiucfaḋ sí agus luiḋfeaḋ sí síos go socair, mar luiḋeaḋ Bran.
MAC RIĠ ÉIREANN.
Ḃí mac ríġ i n-Éirinn, fad ó ṡoin, agus ċuaiḋ sé amaċ agus ṫug sé a ġunna ’s a ṁadaḋ leis. Ḃí sneaċta amuiġ. Ṁarḃ sé fiaċ duḃ. Ṫuit an fiaċ duḃ air an tsneaċta. Ní ḟacaiḋ sé aon rud buḋ ġile ’ná an sneaċta,