Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, agus an cluasaire, agus ní fada ċuaiḋ siad gur casaḋ fear eile ḋóiḃ agus a leaṫ-ċos air a ġualainn, agus é ag congḃáil páirce geirrḟiaḋ gan aon ġeirrḟiaḋ leigean asteaċ ná amaċ. Ḃí iongantas air Ṁac Ríġ Eireann agus d’ḟiafruiġ sé cad é an ċiall a raiḃ a leaṫ-ċos air a ġualainn mar sin.
“O,” ar seisean, “dá mbeiḋeaḋ mo ḋá ċois agam air an talam ḃeiḋinn ċoṁ luaṫ sin go raċfainn as aṁarc.”
“An dtiucfaiḋ tu air aimsir liom,” ar san Mac Riġ.
“Tiucfad, má ḃfáġ’ mé áit tiġe agus garḋa.”
“Geoḃaiḋ tu sin uaim,” ar Mac Ríġ Éireann, “má éiriġeann an rud atá ann mo ċeann, liom.”
Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, agus an coisire air aġaiḋ, agus níor ḃfada go dtáncadar go fear agus é ag cur muilinn gaoiṫe ṫart le na leaṫṗolláire, agus a ṁeur leagṫa aige air a ṡrón ag druidim na polláire eile.
“Cad ċuige ḃfuil do ṁeur agad air do ṡrón?” ar Mac Ríġ Eireann leis.
“O,” ar seisean, “dá séidfinn as mo ḋá ṗolláire do sguabfainn an muileann amaċ as sin suas ’san aer.”
“An dtiucfaiḋ tu air aimsir?”
“Tiucfad, má ḃfáġ’ mé áit tiġe agus garḋa.”
“Geoḃaiḋ tu sin, má éiriġeann an rud atá ann mo ċeann liom.”
Ċuaiḋ Mac Riġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, agus an séidire go dtáncadar go fear a ḃí ’nna ṡuiḋe air ṫaoiḃ an ḃoṫair, agus é ag briseaḋ cloċ le na leaṫ-ṫóin agus ní raiḃ casúr ná dadaṁ aige. D’ḟiafruiġ an Mac Ríġ ḋé, cad ċuige a raiḃ sé ag briseaḋ na g-cloċ le na leaṫ-ṫóin.