“O,” ar seisean, “dá mbualfainn leis an tóin ḋúbalta iad ḋeunfainn púġdar díoḃ.”
“An dtiucfaiḋ tu air aimsir liom?”
“Tuicfad, má ḃfaġ’ mé áit tíġe agus garḋa.”
D’imṫiġ siad uile ann sin, Mac Ríġ Eireann, an fear gearr glas, an gunnaire, an cluasaire, an coisire, an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna agus ḃeurfaḋ siad air an ngaoiṫ Ṁárta a ḃí rompa agus an ġaoṫ Ṁárta a ḃí ’nna n-diaiġ ní ḃéurfaḋ sí orra-san go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé.
Ḋearc Mac Ríġ Éireann uaiḋ agus ní ḟacaiḋ sé aon teaċ a mbeiḋeaḋ sé ann an oiḋċe sin. Ḋearc an fear gearr glas uaiḋ agus ċonnairc sé teaċ naċ raiḃ bonn cleite amaċ air, ná bárr cleite asteaċ air, aċt aon ċleite aṁáin a ḃí ag congḃáil dídinn agus fasgaiḋ air. Duḃairt mac ríġ Éireann naċ raiḃ ḟios aige cá ċaiṫfeaḋ siad an oiḋċe sin, agus duḃairt an fear gearr glas go mbeiḋeaḋ siad i dṫeaċ an ḟaṫaiġ ṫall an oiḋċe sin.
Ṫáinig siad ċum an tiġe, agus ṫarraing an fear gearr glas an cuaille cóṁraic agus níor ḟág sé leanḃ i mnaoi searraċ i g-capall, pigín i muic, ná broc i ngleann nár iompuiġ sé ṫart trí uaire iad le méad an torain do ḃain sé as an g-cuaille cóṁraic. Ṫáinig an faṫaċ amaċ agus duḃairt sé “moṫuiġim bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”
“Ní Éireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo ṁáiġistir amuiġ ann sin ag ceann an ḃóṫair agus má ṫagann sé bainfiḋ sé an ceann díot.” Ḃí an fear gearr glas ag meuduġaḋ, agus ag meuduġaḋ go raiḃ sé faoi ḋeireaḋ ċoṁ mór leis an g-caisleán. Ḃí faitċios air an ḃfaṫaċ agus duḃairt sé, “Ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat féin?”