do’n doṁan ṡoir. Nuair ṫáinig traṫnóna agus deireaḋ an lae ḋearc mac ríġ Eireann uaiḋ agus ní ḟacaiḋ sé aon áit a mbeiḋeaḋ sé ann an oiḋċe sin. Ḋearc an fear gearr glas uaiḋ, agus ċonnairc sé caisleán, agus duḃairt sé, “an faṫaċ atá ann san g-caisleán sin, is dearḃráṫair do’n ḟaṫaċ a raḃamar aréir aige, agus béiḋmíd ann san g-caisleán sin anoċt.” Ṫáinig siad, agus d’ḟág sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir ag ceann an ḃóṫair agus ċuaiḋ sé ċum an ċaisleáin, agus ṫarraing sé an cuaille cóṁraic, agus níor ḟág sé leanḃ i mnaoi ná searraċ i g-capall ná pigín i muic ná broc i ngleann, i ḃfoigse seaċt míle ḋó, nár ḃain sé trí iompóḋ asta leis an méad torain a ṫug sé as an g-cuaille cóṁraic.
Ṫáinig an faṫaċ amaċ, agus duḃairt sé, “Moṫuiġim bolaḋ an Éireannaiġ ḃinn ḃreugaiġ faoi m’ḟóidín dúṫaiġ.”
“Ní Eireannaċ binn breugaċ mise,” ar san fear gearr glas, “aċt tá mo ṁáiġistir amuiġ ann sin ag ceann an ḃóṫair, agus má ṫagann sé bainfiḋ sé an ceann díot.”
“Is mór líom ḋe ġreim ṫu, agus is beag liom de ḋá ġreim ṫu,” ar san faṫaċ.
“Ní ḃfuiġfiḋ tu mé de ġreim air biṫ,” ar san fear gearr glas, agus ṫoisiġ sé ag meuduġaḋ go raiḃ sé ċoṁ mór leis an g-caisleán.
Ṫáinig faitċios air an ḃfaṫaċ agus duḃairt sé, “ḃfuil do ṁáiġistir ċoṁ mór leat-sa?”
“Tá agus níos mó,” ar san fear beag glas.
“Cuir i ḃfolaċ mé go maidin go n-imṫiġeann do ṁáiġistir,” ar san faṫaċ, “agus rud air biṫ atá tu ag iarraiḋ caiṫfiḋ tu a ḟáġail.”
Ṫug sé an faṫaċ leis, agus ċaiṫ sé faoi ḃeul daḃaiċ é. Ċuaiḋ se amaċ agus ṫug sé asteaċ mac ríġ Eireann, an gunnaire, an cluasaire, an séidire, an coisire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, agus ċaiṫ siad an oiḋċe ann sin, trian le fiannuiġeaċt trian le sgeu-