laiġeaċt, agus trian le soirm sáiṁ suain agus fíor-ċodalta, go dti an ṁaidin.
Air maidin, lá air na ṁáraċ, ṫug an fear gearr glas mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir amaċ as an g-caisleán agus d’ḟág sé ag ceann an ḃóṫair iad, agus ṫáinig sé féin air ais agus d’iarr sé na sean-slipéaraiḋ a ḃi faoi ċolḃa an leabuiḋ, air an ḃfaṫaċ. Duḃairt an faṫaċ go dtiúḃraḋ sé péire ḃútais ċoṁ maiṫ agus ċaiṫ sé ariaṁ d’a ṁáiġistir, agus cad é an maiṫ a ḃí ann sna sean-slipéaraiḃ! Duḃairt an fear gearr glas muna ḃfáġaḋ sé na slipeuraiḋ go raċfaḋ sé i g-coinne a ṁáiġistir, leis an ceann do ḃaint dé. Duḃairt an faṫaċ ann sin go dtiúḃraḋ sé ḋó iad, agus ṫug. “Am air biṫ,” ar seisean, “a ċuirfeas tu na slipeuraiḋ sin ort, agus “haiġ óiḃir” do ráḋ, áit air biṫ a ḃfuil súil agad do ḋul ann, béiḋ tu innti.”
D’imṫiġ mac ríġ Eireann agus an fear gearr glas, agus an gunnaire, agus an cluasaire, agus an coisire, agus an séidire, agus fear briste na g-cloċ le taoiḃ a ṫóna, go dtáinig traṫnóna agus deireaḋ an laé; agus go raiḃ an capall ag dul faoi sgáṫ na copóige agus ní fanfaḋ an ċopóg leis. D’ḟiafruiġ mac ríġ Eireann de’n ḟear gearr glas ann sin, cá ḃeiḋeaḋ siad an oiḋċe sin, agus duḃairt an fear gearr glas go mbeiḋeaḋ siad i dteaċ dearḃráṫar an ḟaṫaiġ ag a raiḃ siad areir. Ḋearc mac ríġ Eireann uaiḋ agus ni ḟacaiḋ sé dadaṁ. Ḋearc an fear gearr glas uaiḋ agus ċonnairc sé caisleán mór. D’ḟágḃaiġ sé mac ríġ Eireann agus a ṁuinntir ann sin agus ċuaiḋ sé ċum an ċaisleáin leis féin, agus ṫarraing sé an cuaille cóṁraic, agus níor ḟágḃaiġ sé leanḃ i mnaoi, searraċ i láir, pigín i muic, na broc i ngleann, nár ṫionntuiġ sé ṫart trí uaire leis an méad torain a ḃain sé as an g-cuaille cóṁraic. Ṫáinig an faṫaċ amaċ agus duḃairt sé, “moṫuiġim