10
agus do ghlan sé í agus do chuir sé i n-oidhean í chun í rósta.
Níor bhfada go raibh baluith breagh na lachan ar fuaid an tighe agus lasmuigh den tigh. Bhí an Sprionnlóir chomh bruideamhail sin nár thug sé fé ndeara gearrachaile ag an bhfuinneoig agus a srón buailte leis an ngloine agus í ag slugadh baluith na lachan isteach trín a sróin agus trín a béal. Inghean na Baintreabhaighe a bhí ann, an inghean ba shine. Féachaint dá dtug an Sprionnlóir amach do chonaic sé an ghearrachaile agus do labhair sé léi go feargach.
—Imthigh as san nó basgfar thu, ar seisean agus é ar buile le feirg.
D’imthigh an ghearrachaile agus scannradh uirthe, ach do tháinigh sí thar n-ais arís go dtí taobh eile den tigh agus d’fhéach isteach an fhuinneóg ar an dtaobh san.
Do bhí an lacha ar an mbórd agus an Sprionnlóir ghá ithe ar a shástacht, ach bí an baluith ann fós agus d’fhan an cailín ag an bhfuinneóig ag féachaint isteach ar an nduine istigh agus ag cuimhneamh ar lachain a máthar féin a bhí imthithe uaithe. D’eirig an fear lom ó’n mbórd agus sar a raibh fhios ag an gcailín cá raibh a thrial bhí sé ’na sheasamh lena taobh agus greim daingean aige ar ghualainn uirthe.
—A ghaduidhe bhig, ar seisean, caithfir-se díol as so, nó díolfaidh do mháthair as.
III.
Do rug sé leis í go tigh na baintreabhaighe agus í ag gol go truaighmhéileach. Tháinig an Bhaintreabhach amach agus dubhairt an Sprionnlóir léi gur ghoid a hinghean cuid den lachain uaidh.