Page:Cúirt na dála agus sgéal eile - Ó Cuív.djvu/23

This page has been proofread.

19

Nuer eiri shé er maidin lar na váireach do ghlaeg shé er an gailín ayimshiri agus duert lé ishgi te a húirt chuigi chun go meárhach shé é fén. An aid a ví an cailín er lorag an ishgi ví shishan a cuardach a vála, ach ní roiv tásc na tuerishc an rásúir aun. Is âula ág shé ’na ghieg a ganas do fén é.

—Is cuma é, er shishan, rayd amàch go tig an varabóra agus gheód beara mah ansún.

D’imi shé amach agus do veana shé don chiàd duini a vuel imi.

—A viàdfá ínshint dom, er shishan, ca vuil tig a varabóra?

—Tig a varabóra! ersan duine eli, agus úna er.

—Shea, er shishan, tig a varabóra, an tig mar a muintear an iasóg de ghuini.

—Ach, ersan fear eli, níl a lihéd sa vaili sho inéachor, bearan gahéngi é fén ansò. Agus d’iúmpa shé er a háil agus d’imi shé.


II.

Do ví an duinuasal ó Vleáclieh a grua chás. Ví fás mah gruegi er a chorán, agus ní vèach sos ná sueneas ige go dí go muinfí ghe é. Do lean shé ghé a shúl na sráidi fiàchuint a muelhach éngi imi a neósach dò cá vaych shé fear a veárhach é. Do chnuic shé fear óg a teacht fé n-a ghén. Nuer a ghrideadar le chéli do sdad shé é.

—B'édir go viàdfá ínshint dom, er shishan lesh, cá vaying fear a veárhach mi.

—Ní sa chahir aty inish, ersan fear óg lesh an stróinshéar, níl än tiupa varabóra sa vaili veog so.