22
uasal, agus tabharfad leath-choróinn duit nuair a bheidh sé críochnuighthe agat.
—Ní cúrsaí airgid in aonchor é, arsan fear eile, ach b’fhearr liom gan é dhéanamh.
—Ach an ndeireann tú liom go bhféadfá é dhéanamh?
—Ó d’fhéadfainn, ar seisean.
—I n-ainm Dé dein é mar sin agus ná bí ag cainnt ansan. Tá an lá ag imtheacht agus gan aon ghnó déanta agam fós.
—Ó’s rud é gur iarrais orm é dhéanamh i n-ainm Dé, ní fhéadfainn tu dhiúltadh, arsa fear-an-tighe, agus déanfad é ar aon choinghiol amháin.
—Agus cad é an coinghioll é sin? arsan duine uasal.
—Go luighfir ar fleasc do dhroma ar an mbórd san i n-aice na fuinneoige, an fhaid a bheidh an obair ar siubhal agam.
III.
Ní ró mhaith a thaithn an coinghioll san leis an nduine uasal, ach b’éigean do géilleadh. Do luigh sé siar ar fleasc a dhroma ar an mbórd, agus do chuaidh fear-an-tighe go dtí an cúinne mar a raibh an rásúr agus galluanach agus an scuaibín i dtaisce aige. Bhí an ciotal ag beiriú ar an dtine. Do líon fear an tighe báisín ó’n gciotal agus do thúm sé an scuaibin ann agus ba ghearr go raibh sobal breagh bog ar aghaidh an fhir a bhí sínte ar an mbórd. Do chimil fear an tighe an ghruaigh lena láimh chun í bhogadh agus do chuir sé tuille sobail ar aghaidh an fhir. Ansan do chuaidh sé go dtí an cúinne arís agus do tharaigh sé amach an rásúr agus do thosnaigh sé ar faobhar a chur air ar a dhíothal. Nuair a thug an duine uasal ar an mbórd an méid sin fé ndeara tháinig scannradh air, ach ní leogfadh