23
duinuasal, agus túrhad leachróing doit nuer a ve shé críochnuihi agút.
—Ní cúrsy airigid inéachor é, ersan fear eli, ach b’eár lium gan é ghiánav.
—Ach a nerean tú lium go viàdfá é ghiànav?
—Ó d’iatuing, er shishan.
—A n-ainim Dé din é mar shin, agus ná bí ag cayint ansùn. Tá an lá ag imeàcht agus gan än ghnó diànta agùm fós.
—Ó’s rod é gur iaruish oram é ghiànav a n-ainim Dé, ní iatuing tu ghiúlta, ersa fear-a-tí, agus diànhad é er än chuiníol aváin.
—Agus cad é an cuiníol é shin? ersan duinuasal.
—Go lyhir er fleasc do ghroma er a mórd sun a n-aice na fineoigi an aid a veg an obuir er shúl agam.
III.
Ní ró vah a haingh an cuiníol sun lesh a nuinuasal, ach b’égean do géli. Do luig shé shiar er fleasc a ghroma er a mórd, agus do chueg fear-a-tí go dí an cúingi mar a roiv an rásúr agus an galuanach agus an sguebín a daishgi ige. Ví an ciotal a beriú er a dini. Do líon fear-a-tí báshín ón giotal, agus do húm shé an sguebín aun, agus ba gheár go roiv sobal breá bog er ajig an ir a ví shínti er a mórd. Do chimil fear-a-tí an ghrueg lena lâiv chun í voga agus do chuir shé tuili sobuil er ayig an ir. Ansùn do chue shé go dí an cúingi irísh, agus do hairig shé amach an rásúr agus do hosana shc er fär a chur èr er a ghíhal, Nuer a hug an duinuasal er a mórd an méd shin fé neara, háinig sgâura er,