Page:Caitlín Ní Uallaċáin (Tomás Ó Ceallaigh, 1905).djvu/12

This page has been proofread.

6

PEADAR—Is fíor sin, go deiṁin. Is beag súil a ḃí againn an lá úd go mbéaḋ a leiṫeid seo de ċulaiṫ ag mac linn-ne i gcoṁair a ḃainse, nó áit mar seo aige le haġaiḋ a ṁná pósta aċt an oiread céadna.

PÁDRAIC—(Atá fós ag an ḃfuinneóig). Tá sean-ḃean éigin an teaċt anuas an bóṫar. Ní’l ḟios agam an ar an teaċ so atá sí ag tarraing.

BRIĠID—Coṁarsa éigin atá innti, d’ar ndóiġ, ag cur tuairisge ar ḃainis Mhiċil s’againne. Cia h-í, an ḃfeiceann tú?

PÁDRAIC—Measaim fein gur stróinséar í,. . . . agus ní’l sí ag teaċt ċuig an teaċ. Tá sí tar éis casaḋ síos an ḃearna ait a ḃfuil MáIrtín ⁊ a ċlann mac ag bearraḋ caoraċ. (Ag iompóḋ ċuca).

An cuiṁin liḃ rud do ḃí ag Úna na gCros-Ḃóṫar dá ráḋ ’dtaoḃ na mná ḃíos ag taisdeal na tíre nuair ḃíos cogaḋ nó tubaiste le teaċt?

BRIĠID—Ná bí d’ár mboḋruġaḋ anois le baoiṫ-sgealtaiḃ Úna, aċt gaḃ síos agus fosgail an doras dod’ ḋearḃráṫair—cluinnim ag teaċt aníos an casán é.

PEADAR—Tá súil agam go dtug sé spre Bhriġdín go sáṁ leis, ar ḟaitċíos go raċaḋ a muinntir siar ar an gcleaṁnas tar éis é ḃeiṫ déanta agam-sa. Se mo ṡáiṫ trioblóide ḃí orm dá ḋeanaṁ.

(Fosglann PÁDRAIC an doras; tagann MIĊEÁL isteaċ).