Page:Caitlín Ní Uallaċáin (Tomás Ó Ceallaigh, 1905).djvu/13

This page has been proofread.

7

BRIĠID–Cad do ċongḃuiġ tú, a Ṁiċil? Is fada sinn ag feiṫeaṁ annso ort.

MIĊEÁL–Ċuaiḋ mé siar go teaċ an tsagairt le cur ’na luiġe air ḃeiṫ ullaṁ le n-ar bpósaḋ i mbáraċ.

BRIĠID–Ar ḋuḃairt se aon rud?

MIĊEÁL–Duḃairt sé gur cleaṁnas breáġ é agus nár b’ḟearrde leis riaṁ beirt do ṗósaḋ sa bparáiste ná mé féin agus Briġdín.

PEADAR–’Ḃfuil an spré faġálta agat, a Ṁiċil?

MIĊEÁL–Seo ḋuit í.

(Cuireann sé an sparán ar an mbórd, téiḋeann anonn agus seasann taob le h-ursain an tsimléir. Cuireann BRIĠID an ċulaiṫ ar an driosúr ṫar éis í do scrúduġaḋ go beaċt, idir pócaí agus uile. Éiriġeann PEADAR, glacann sé an sparán ’na láiṁ agus baineann sé an t-airgead as).

PEADAR–’Seaḋ, a Ṁiċil, rinne mé an margaḋ go maiṫ ḋuit. B’ḟearr le sean-Ṡeaġán Ua Caṫṁaoil a ċuid seo do ċongḃáil go ceann sgaṫaiṁ eile. “Coinneóċad a leaṫ, go mbearfar an ċéad ṁac,” adeir sé. Ní ċoinneóċair,” adeirim-se. “Bíoḋ ṁac ann, nó ná bíoḋ,” adeirim-se, “caiṫfiḋ an céad púnt go h-iomlán ḃeiṫ idir láṁaiḃ ag Miċeál sul má dtugaiḋ se d’inġean-sa aḃaile,” adeirim-se. Laḃair an ḃean annsin leis, agus b’aontuiġ sé fá ḋeireaḋ.

BRIĠID–Féaċann tú ḃéiṫ an-tsásta ag láiṁsiuġaḋ an airgid, a Ṗeadair.