Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/10

This page has been proofread.
4
CATILÍNA

ar na neiṫiḃ sin do ċimeádadar greim orm toisg me ḃeiṫ óg agus gan taiṫiġe ḃeiṫ agam ar an olc, agus an dúil a ḃeiṫ agam sa n-onóir. Ḃíos am’ ċimeád féin ó ḋroċ ċleaċtaiḃ na cod’ eile aċ ḃí an dúil ċéadna i n-onóir agus i gclú agus an formad céanna am’ ċrá.


IV. Ansan, ċóṁ luaṫ agus a ġlac m’aigne suaineas ó’n gcráḋ agus ó’n gcontaḃairt a lean é, ṡocruiġeas ar an gcuid eile de m’ ṡaoġal do ċaiṫeaṁ aḃfad ó ġnóṫaíḃ stáit. Ní h-aṁlaiḋ a ḃíos ceapaiṫe, áṁṫaċ, ar mo ṫréiṁse suainis do ċaiṫeaṁ i ndíoṁaointeas agus i sáiṁriḋeaċt. Ní lúġa ná mar a ḃíos ceapaiṫe ar luiġe amaċ ar ġnóṫaíḃ scláḃaiġeaċta; ar ṡaoṫrú an tailiṁ; nú ar ṡealgaireaċt. Na gnóṫaí léiġinn a ḃí ar siuḃal ar dtúis agam, go dtí gur ċuir an droċ ḋúil sa n-onóir bun os cionn leó me, ċeapas go n-iompóċainn airís orṫa. Ḃeartuiġeas am’ aigne go sgrífinn síos, ’n-a ċodaiḃ beaga, cúntas ar ġníoṁarṫaiḃ na Róṁánaċ, fé mar ba ṁó ab fiú na gníoṁarṫa é, dar liom. Ba ḋoiċiġde ḋom an gnó san a ḋéanaṁ sa ċeart me ḃeiṫ aḃfad ó’n mearaṫal aigne a ḃainean le caismirt na poibiliḋeaċta.

Dá ḃríġ sin cuirfad síos anso, ċóṁ fírinneaċ agus a ṫiocfaiḋ liom, i mbeagán cainnte, tuairisg ar an gcóṁċeilg a ḋein Catilína. Is ceart, dar liom, cuíṁne ċimeád ar an ndroċ ḃeart san, ḃí sé ċóṁ neaṁċoitċianta agus ċóṁ mór baoġal. Sar a dtosnuiġead ar an sgéal déarfad rainnt ḃeag focal ‘ġá innsint cad é an saġas an fear.


V. Do ṡíolraiḋ Lucius Catilína ó ċine uasal. Ḃí neart aigne agus neart cuirp ann. Aċ ḃí inntinn agus meón an ċuiripṫiġ aige. Aċaran,