Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/15

This page has been proofread.
9
CATILÍNA

IX. D’á ḃríġ sin ḃí na deaġ ḃéasa d’á saoṫrú amuiċ agus i mbaile; deaġ ṁéinn ana ṁór, sainnt ana ḃeag; maiṫ agus ceart ’á ḋéanaṁ le feiḋm nádúra níba ṁó ’ná le feiḋm dliġṫe. Leis an naṁaid a deintí troid agus coiṁsgar imreasán. Ní ḃíoḋ d’ḟormad idir ċoṁaltaíḃ aċ feuċaint cé b’ḟearr. I n-uṁluiġeaċt do sna déiṫiḃ ḃíodar ṫar barr. Ḃíodar measarḋa ’n-a dtiġṫiḃ féin. Ḃíodar dílis d’á gcáirdiḃ. Ċimeádadar iad féin agus an stát ar a leas leis an dá ḃéas so, .i. dánaċti n-am cogaiḋ agus ceart i n-am síoṫċána. Tá so de ḋeiṁne ḟíor ḋaingean agam-sa ar an níḋ sin, go ḃfeicim in sna sgríḃinníḃ gur miniciġe a cuireaḋ pionós ar an t-é a ḃíoḋ tar éis troda ḋéanaṁ i n-aġaiḋ naṁad gan órdú ḋ’ḟáġail ċiiige, nú ar an t-é ná tagaḋ ó’n dtroid ċóṁ luaṫ agus ġeiḃeaḋ sé an focal, ’ná ar an t-é a ḃíoḋ tar éis na meirge ḋ’ḟágaint agus géille do’n naṁaid; agus go ḃfeicim, leis, nuair a deintí síoṫċáin gur ṫúisge leó a smaċt do ċur i ḃfeiḋm le tairḃṫe ’ná le h-eagla, agus nuair a deintí eugcóir orṫa gur ṫúisge leó é ṁaiṫeaṁ ’ná é ḋíogailt.


X. Aċ nuair a ḃí an stát curṫa i méid de ṫoraḋ saoṫair agus cirt, riġṫe móra smaċtuiġṫe le cogaḋ, geinte fiaine agus slioċta líonṁara curṫa fé ċois le neart, an Carṫag, tnúṫaċ ímpireaċta na Róṁa, ídiġṫe ó ṗréiṁ, uisge agus talaṁ tirim an doṁain go léir osgailte ḋúinn; ansan iseaḋ ṫosnuiġ an t-Áḋ ar gaċ aon rud do ċur tré ċéile le fíoċ. An ṁuinntir úd a ḋ’ḟuilig go foiḋneaċ gaċ duaḋ agus gaċ contaḃairt agus gaċ cruaḋtan, ba ṫrioblóid agus dob’ ualaċ dóiḃ an suaineas; agus do ċuid acu,