Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/16

This page has been proofread.
10
CATILÍNA

dúil i saiḋḃreas. Ṫáinig dúil sa n-airgead acu ar dtúis agus ansan dúil i gcóṁaċt. As san a ḋ’ḟás na h-uilc go léir. Do ṁill an tsainnt an iontaoiḃ agus an ṁacántaċt agus gaċ deaġ ṫréiṫ eile, agus ċuir sí ’n-a n-inead uaḃar, agus cruas croiḋe, agus failiġe i ndéiṫiḃ, agus fonn gaċ níḋ do ḋíol ar airgead. Do ċuir uaillṁian feall i gcroiḋṫiḃ a lán, i dtreó go mbíoḋ bríġ áiriṫe le n-a gcainnt agus a ṁalairt sin de ḃríġ istiġ acu; i dtreó náċ do réir fírinne a ṁeasaidís caradas agus eascáirdeas aċ do réir tairḃṫe ḋóiḃ féin. Ba ṫúisge leó an aġaiḋ ṁaiṫ a ṫaisbeáint ’ná an aigne ṁaiṫ. D’ḟás na h-uilc sin go ríġin i dtusaċ bára. Anois agus airís do cosantí iad. Ansan, nuair a leaṫadar ċun a ċeile, mar a ḋéanfaḋ galar, do h-aṫaruiġeaḋ an stát ar fad. I n-inead í ḃeiṫ fíor ċeart agus fíor ṁaiṫ do ḋein tíoránaċ gan truaġ gan taise de’n ímpireaċt.


XI. I dtusaċ bára, áṁṫaċ, ba ṁó an imirt a ḋein uaillṁian ar aigne daoine ’ná mar a ḋein sainnt, mar is giorra do ṡobáilce an uaillṁian ’ná an tsainnt. Tá an dúil ċéadna i mór ċlú, i n-onóir, i gcóṁaċt, ag an nduine fóġanta agus ag an ndroċ ḋuine. Loirgean an duine fóġanta iad sa tsliġe ċóir. Loirgean an droċ duine iad le feall agus le calaois mar ní h-í an tsliġe ċóir atá ar eólus aige. Aċ cuirean an tsainnt dúil i n-airgead, rud nár ċuir aon duine ciallṁar riaṁ dúil ann. Tá i sainnt niṁ éigin a laguiġean corp agus aigne an duine. Tá sí gan aon teóra. Ní féidirí ṡásaṁ. Ní ċuirean easba ná iomarca luiġead uirṫi. Aċ nuair a ġaiḃ L. Sulla an stát ċuige le neart arm