féin, dúil i gcuid an ḟir ṫall; neaṁṡuím i náire, i ngeanmnaiġeaċt, i ngaċ níḋ ar neaṁ agus ar talaṁ gan beann ar aon rud ná cosg le h-aon rud. Is fiú ḋuit, nuair a ḋ’ḟeucfir ar na brogaiḃ agus ar na ríġṫeaċaiḃ, agus iad curṫa suas mar a ḃeaḋ caṫaraċa, teaċt agus feuċaint ar ṫeampulaiḃ na ndéiṫe, teampuil a ḋein ár sínsear ró ḋiaḋa. Ċuiridís siúd maise cráiḃ- ṫeaċta ar na ṫeampulaiḃ, agus ċuiridís maise a nglóire féin ar a dtiġṫiḃ féin, agus ní ḃainidís be’n ṁuinntir a smaċtuiġdís aċ cumas díoḃála ḋéanaṁ. Ní mar sin do sna fearaiḃ meaṫta so anois againn, ní foláir leó, na cuirpṫiġ, gaċ saiḋḃreas d’ár ḟág ár sínsear cróḋa, buacaċa, ag ár gcáirdiḃ do ṫógaint uaṫa, ċóṁ maiṫ agus gur ḃ’ionan eugcóir a ḋéanaṁ agus smaċt do ċur i ḃfeiḋm.
XIII. Óir cad is gáḋ ḋom ḃeiṫ ag tráċt ar
neiṫiḃ ná creidfaḋ aoinne aċ an t-é a ċífaḋ iad;
cnuic d’á Leagaḋ agus faraigí d’á gcaolú agá
lán daoine as a ngustal féin. Gur ḋóic Leat
orṫa ná raiḃ i saiḋḃreas dóiḃ aċ aḋḃar spóirt,
rud a ḋ’ḟéadfidís a ḃeiṫ acu go macánta aċ nár
ḃ’ḟoláir leó droċ úsáid a ḋéanaṁ de le neart
teasbaiġ. Ansan do ṫáinig dúil ṁór i ndrúis
agus i gcraos agus i mbeaṫa ċostasaṁail;
gaċ tír agus gaċ faraige d’á gcuardaċ ag lorg
sóḋluistí bíḋ agus diġe; codla d’á ḋéanaṁ
sar a mbíoḋ dúil i gcodla; gan feiṫeaṁ ’á
ḋéanaṁ le h-ocras ná le tart, le fuaċt ná le
tuirse aċ friṫálaṁ ’á ḋéanaṁ roim ré ar na
neiṫiḃ sin, le neart craois. Ċománeaḋ an
obair sin daoine óga ċun míṁacántaċta nuair
a ḃíoḋ a gcuid féin caiṫte acu. Ḃíoḋ taiṫiġe