Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/25

This page has not been proofread.
19
CATILÍNA

an lae nuair a ḃreiṫmġim an saġas beaṫa atá róṁainn mara nḋeinimíd féin fuasgailt orainn féin. Mar, ó ṫuit an stát fé smaċt agus fé ḟorláṁas na n-uaṫa, is dóiḃ sin a ṫugaid riġṫe agus tiġearnaí an ċáin a ḃíon orṫa, is leó a ḋíoLaid pobuil agus geinte cíos. Ní’l sa ċuid eiLe againn, pé maiṫ láidir sinn, idir uasal agus ísea;, aċ sloigisg, gan ċreideaṁaint, gan úġdarás, fé ċumas daoine n-a mbeaḋ eagal acu róṁainn dá mbeaḋ a ċeart féin ag an stát. Tá gaċ creideaṁaint, gaċ cóṁaċt, gaċ onóir, gaċ saiḋḃreas, acu súd, nú sa n-áit ’n-ar toil leó. Ní’l fágṫa againne acu aċ an t-eiteaċas agus an Ċontaḃairt agus an daorḃreiṫ agus an dealḃas. Is fir ċroḋa siḃ-se. An fada ċuirfiḋ siḃ suas Leis an obair sin? Nár ḃ’ ḟearr bás féin, go cróḋa, ’ná beaṫa ṁíḟoir- tiúnaċ, aiṫiseaċ, a ḋ’imṫeaċt uait fé ṫarcuisne, agus luċt an uaḃair ag magaḋ fút?

Aċ go deiṁin agus go dearḃṫa, do réir fírinne déiṫe agus daoine, tá an buaḋ i n-ár láṁaiḃ againne. Táimíd óg láidir agus ’n-a ċoinniḃ sin táid siad súd claoiḋte le h-aois agus le saiḋḃreas. Ní’l uainn aċ tosnú. Raġaiḋ an gnó ċun cinn uaiḋ fein. Agus conus is féidir d’aoinne beó n-a ḃfuil aigne fir aige fulag le h-iad-san a ḃeiṫ lán de ṡaiḋḃreas, agus iad ’á ċaiṫeaṁ ag líonaḋ na ḃfaraigí agus ag leiḃealaḋ na gcnoc, agus sinne gan oiread coda againn agus do ċoṫóċaḋ sinn? Ḋá ṫeaġlaċ, nú breis, ag an nduine acu san agus sinne gan oiread a’s aon tiġ aṁáin cóṁnuiġṫe i n-aon ḃall againn? Nuair a ċeannaiġid siad- san peictiúirí agus iṁáġṫa agus órnáidí