Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/26

This page has not been proofread.
20
CATILÍNA

greanta, leagaid siad tiġṫe nua agus cuirid siad suas tiġṫe nua eile, taraigid siad air, agus oibiriġid siad an t-airgead ar gaċ aon tsaġas cuma, aċ teipean ar ḋíṫeal a dtoile an saiḋḃreas do ṡárú. Agus ní’l againne aċ an dealḃas sa ḃaile agus na fiaċa lasmuiċ, donas cruaiḋ, agus súil le donas níos cruaḋa go mór. Cad tá fágṫa i n-aon ċor againn aċ an. t-anam míḟoirtiúnaĊ so ?

Cad ċuige ná músglan siḃ má seaḋ ? Feuċ ansúd í, os cóṁair ḃúr súl, an ḟuasgailt n-ar ṁinic siḃ ag tnúṫ léi, agus ’n-a teannta saiḋ- ḃreas, agus clú, agus cáil! na duaiseana go léir atá ceapaiṫe ag an Áḋ do luċt buaḋa. an gnó, an t-am, an baoġal, an gátar, an saiḋḃreas áluinn A ṫiocfiḋ as an gcogaḋ, sin iad na neiṫe Ċun duine ġríosaḋ, agus ní cainnt. Glacaiḋ mise am’ ṡaiġdiúir nú am’ ṫaoiseaċ. Ní ḃeiḋ m’aigne ná mo ċorp i n-easnaṁ oraiḃ. Mar a ṁeasaim oibreóċad iad araon daoiḃ am’ Ċonsul, mara rud é gur meallad mé agus gur túisge liḃ-se ḃeiṫ fé ċois ’ná ḃeiṫ i n-uaċtar.”

XXI. Nuair airiġ na fir na neiṫe sin, fir go raiḃ gaċ níḋ go h-olc acu agus gan aon níḋ go maiṫ acu, ná aon tsúil leis, bíoḋ gur ṫuigeadar go mbeaḋ mórán le fáġail acu de ḃarr an tsuainis do ṡuaṫaḋ, ḃí a lán acu ’ġá iarraiḋ air a léiriú ḋóiḃ cad é an coinġíol ar a ndéanfí an cogaḋ; cad é an tuarastal a ḃí le fáġail acu as an dtroid ; cad é an tairḃṫe, nú an tsúil le tairḃṫe, a ḃí le fáġail acu ós gaċ aon ḃall. Ansan do ġeall Catilína ḋóiḃ cúntaisí nua P. maiṫaeṁ na ḃfiaċ,’; daoine saiḋḃre ċur lasmuiċ de’n dliġe; oificí dligé; oificí teamṗul; caoi