Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/29

This page has not been proofread.

CATI LÍNA ES !OCNṪ Do tánaṫas ċun na gcruiniiiġṫe agus do deineaḋ an toġaḋ, agus do gairmeaḋ ’n-a gConsulaiḃ M. Tullius agus C. Antonius. Ḃain san an ċéad ċroṫaḋ a’ luċt na ceilge. Níor luiġduiġeaḋ buile Ċatilína, áṁṫaċ. Is aṁLaiḋ a ḋ’oibriġ sé é féin níba ḋéine; ag cruinniú arm ins gaċ áit ċaoṫaṁaiL ar fuaid na h-Iodáile; ag fáġail airgid ar iasaċt ar a ċreideaṁaint féin nú ar ċreideaṁ- aint carad agus ’á ċur go Faesula, ag triall ar ḟear d’ár ḃ’ainim Manlius, an fear a ṫosnuiġ an cogaḋ ’n-a ḋiaiḋ san.. Deirtear gur ġLac sé ċuige an uair sin sluaiġte de gaċ aicme daoine, agus rainnt ban, Leis, mná a ḃí tar éis éaċt fiaċ do ċur suas nuair a ċuir an t-aos deire leis an airgead dóiḃ, gan deire ċur le n-a ndroċ ṁiantaiḃ fós. Ḃí súil ag Catilína go dtiocfaḋ leis, tré ċongnaṁ na mban san, daor aicme na caṫaraċ do ṁeallaḋ ċuige, an ċaṫair do Losgaḋ, agus a ḃfearaiḃ siúd do Ġlacaḋ ċuige nú do ṁarḃú. !OCVṪ Aċ ḃí ar na mnáiḃ-sin bean d’ár ḃ’ainim SEmPrónia, bean a ḃí tar éis mórán gníoṁ a ḋéanaṁ go minic n-a raiḃ dánaċt fir ionta. Ḃí a cion de’n áḋ ar an mnaoi sin ó ḋúċas, ó ḋeaḃraṁ, ó n-a fear, ó n-a clainn. Bí taḃairt suas uirṫi i léiġean Laidne agus Gréigise. - Ḃí sí oilte ar ċeól agus ar rínce níob’ uaiḃriġe ’ná mar ba ġáḋ do ṁnaoi ḟóġanta, agus ar a lán neiṫe eile ná fuil ionta aċ caḃrú le sóġ. Ba ṁó a dúilii ii-aon níḋ eile nái ndeaġ ċlú agus i mbanaṁlaċt. Níor ḃ’ ḟuiriste ḋuit a ḋéanaṁ amaċ ce ’cu ar a cuid airgid nú ar a clú ba Luġa A beann. Ḃí sí go minic roimis sin cionntaċ i