Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/52

This page has not been proofread.

.N AS CATI LÍ na ḋiaiḋ san, Crassus féin ’gá ḋeiṁniú gur ḃ’e Ciceró do ċuir an mór ṁasla san air. !LOC Sa ii-aimsir ċéadna san, áṁṫaĊ, do ṫeip ar Catulus agus ar C. Píso, le creideaṁ- aint ná Le taṫant ná le díoluigeaċt, a ċur ḟiaċaint ar Ċiceró Caius Caesar do ṫaḃairt cionntaċ sa ċóṁċeilg le fiaḋnaise bréige ó sna Allobrógaiḃ, nú ó ḋuine éigin. Mar ḃí fuaṫ fíoċṁar acu araon dó; ag Píso toisg breiṫ aisig do ċur air mar ġeall ar ṗionós eugcórṫa a ċuir sé ar ḋuine éigin ó’n dtaoḃ eile de’n Ṗádus; agus ag Catulus, toisg, nuair a ḃí sé ag lorg na pontificeaċta, agus é aosta íagusmórán onóra fáġalta aige, gur ḃuaiḋ fear óg mar Ċaesar air. Ḃeaḋ an gnó eiḋsáideaċ an uair sin, mar fear ab eaḋ é a ḃí fial ṫar na beartaiḃ, a gan ḟios, agus do ṫugaḋ sé bronntanasa ana ṁóra uaiḋ go poibiliḋe, agus d’ḟág san é múċta i ḃfiaċaiḃ. Nuair a ṫeip orṫa a ċur ḟiaċaint ar an gConsul an feiliġníoṁ san do ḋéanaṁ do ċromadar féin ar imṫeaċt, gaċ duine acu fé leiṫ, anso a’s ansúd, ag cúlċainnt sa n-éiṫeaċ, . ’ġá ráḋ gur airiġdar so ’s súd ó sna h- Allobrógaiḃ, go dtí gur ċuireadar árd ḋroċ ainim air-sean. Ḃí an sgéal ċóṁ h-olc san go raiḃ Caesar ag teaċt amaċ a’ tig na seanaide agus gur ḃagair cuid de’n ṁarcṡluaġ na claoiḋṁte air. Ḃíodar ’n-a ngárda ar ṫiġ na seanaide agus nuair a ċonacadar ag teaċt amaċ é d’eiriġ dásaċt aigne ḋóiḃ nuair a ċuiṁniġ- dar ar an gcontaḃairt mór ’n-a raiḃ an ċaṫair; nú, ba ṁaiṫ leó a ndíogras do’n stát a ṫais- beáint. L. An ḟaid a ḃí na neiṫe sin ar siuḃal sa