Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/62

This page has not been proofread.
56
CATILÍNA

ṫall, deirtear gur fial é. Má ḃíon duine seas- aṁaċ i ndéanaṁ an uilc deirtear gur cróḋa é. Siné an cor atá ar an stát againn. Aċ,.ó isiad san béasa atá againn anois, má’s maiṫ le duine ḃeiṫ FIAL ag rainnt coda a ċóṁarsan, bíoḋ aige. Má’s maiṫ liḃ ḃeiṫ atruagaċ do sna biṫeaṁnaiġ atá ag goid airgid an stáit, bíoḋ agaiḃ. Aċ ná bronntar ár gcuid fola-ne orṫa súd. Ná deineaḋ truaġ do ḃeagán cuirpṫeaċ íde ar na daoine macánta go léir.

“Do ṫráċt Caius Caesar ó ċiainiḃ sa tseanaid seo, go maiṫ agus go cliste, ar ḃeaṫa agus ar ḃás. Measaim gur dóiċ Leis náċ fíor a ndeirtear i dtaoḃ na marḃ, .i. go ḃfuil ar na droċ ḋaoiniḃ imṫeaċt ó sna deag ḋaoine agus ḃeiṫ i n-áiteanaiḃ grána, coíṫeaċa, bréana, uaṫḃásaċa. D’á ḃríġ sin isí a ḃreiṫ gur ceart a gcuid airgid do ṫaḃairt do’n stát agus iad féin do ċimeád ’n-a bpríosúnaċaiḃ in sna saor-ḃailtiḃ, le h-eagla, dar Leis, dá gcimeádtí sa Róiṁ iad, go ndéanfaḋ cóṁaltaí na ceilge, nú cruinniú daoine, iad a ḋ’ḟuasgailt le fórneart. Ċóṁ maiṫ agus ná beaḋ droċ ḋaoine ná cuirpṫiġ Le fágail aċ anso sa ċaṫair, i n-inead iad. a ḃeiṫ Le fáġail ar fuid na h-Iodáile go léir mar atáid; nú ná féadfaḋ droċ ḋaoine dána gníoṁ a ḋéanaṁ níḃ’ usa sa n-áit n-a mbeaḋ cumas níba luġa ar an gcosaint. Níor ṁaiṫ an ċiall dó an ċóṁairle sin a ṫaḃairt uaiḋ má b’eagal Leis contaḃairt uaṫa súd. Mara ḃfuil aon eagal air, agus an sgannra ar gaċ aoinne, is móiDe an ċúis náċ miste díḃ-se agus dóṁsa feasta eagal a ḃeiṫ orainn. Dá ḃríġ sm, nuair a ṫaḃarfiḋ siḃ ḃúr mbreiṫ ar Ṗ. Lentulus agus ar an gcuid eile acu, deiniḋ deiṁin de go