Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/65

This page has not been proofread.
59
CATILÍNA

féin, ar aon déiṫiḃ ná ar aon daoiniḃ. Maiṫiḋ do Ċetégus mar ġeall ar a óige má ’sí seo an ċéad uair aige ag cur cogaiḋ ar a aṫarḋa. aċ cad ’tá agam-sa le ráḋ i dtaoḃ Ġabinius, i dtaoḃ Statilius, i dtaoḃ Ċeparius? Dá mbeaḋ aon ḃeann riaṁ acu ar an stát ḃeaḋ a ṁalairt d’aigne acu seaċas mar atá. Aċ deirim an méid seo liḃ-se, a Uaisle na Seanaide, dá mbeaḋ an ċaoi ann ar ṫuaṫal a ḋéanaṁ do leogfinn díḃ ciall ċeannaiġ ḟáġail nuair ná fuil suím agaiḃ i gcainnt. aċ táimíd dúnta isteaċ ó’n uile ṫaoḃ. Tá Catilína agus a ṡluaġ aige ar tí íde ḋéanaṁ orainn. Tá cuid de’n naṁaid anso istiġ i lár na caṫaraċ againn. Ní féidir ullṁúċán a ḋéanaṁ ná cóṁairle ġlacaḋ a gan ḟios. Luas gníṁ a ṫeastuiġean uainn.

“Uime sin isí seo mo ḃreiṫ-se. Tá an stát curṫa i gcontaḃairt uaṫḃásaċ ag an ḃfeall a ḋein na cuirpṫeaċa Róṁánaċa so. A’ fínné Ṫítus Volturcius agus na n-Allobróg, agus as a n-adṁáil féin, ḃí ullṁú déanta acu ċun bás agus losgaḋ agus gníoṁarṫa grána caillte eile ḋ’imirt ar a muinntir féin agus ar a n- aṫarḋa féin. An t-é a daorṫar i gcoir ḃáis, pe’cu ón’ ’adṁáil féin é nú ó é ḋ’ḟáġail amaċ air, ní foláir, do réir nós ár sínsear, é ċur ċun báis.”


LIII. Nuair a ṡuiḋ Cató do ṁol na consulaċa go léir agus mórán de’n tseanaid a ḃreiṫ. Do molaḋ ṫar na beartaiḃ neart a aigne. Ḃí an ċuid eile ag casaḋ a n-imeagla le n-a ċéile. Ṫug gaċ aoinne an ċraoḃ do Ċató i n-uaisleaċt agus i n-oirḋearcus. Do deineaḋ an reaċt. seanaide do réir a ḃreiṫe.