Aċ ag léiġe a lán agus ag clos a lán dóṁsa, ar na gníoṁarṫaiḃ oirḋearca a ḋein na Róṁánaiġ, amuiċ agus i mbaile, ar muir agus ar tír, do ṫárla gur ṁéinn liom a ṫuisgint cad é an ní ba ṁó ba ċoṫú do sna h-oibreaċaiḃ móra san. Ḃí ḟios agam gur ṁinic buiḋean ṡuaraċ díoḃ ag seasaṁ caṫa go dian i gcoinniḃ slóiġte móra naṁad. Dob eól dom cogaí acu á ḋéanaṁ, ar ḃeagán gustail, i gcoinniḃ riġṫe saiḋḃire. ’N-a ṫeannta san, ḃioḋ an t-áḋ ’n-a gcoinniḃ go minic. Ḃí na Gréagaiġ roimis na Róṁánaiġ i n-urlaḃra. Ḃí na Gaill rómpa i n-oirḋearcas cogaiḋ. Ag maċtnaṁ dom go doiṁinn ar an sgéal do buaileaḋ isteaċ am’ aigne gur ḃ’í an éirim ṫar barr a ḃí i mbeagán de sna Róṁánaiġ a ḋein an obair go léir, a ṫug buaḋ do’n dealḃas ar an saiḋḃreas, do’n ḃeagán slóġ ar na slóiġtib líonṁara. Aċ nuair a ḃí an ċaṫair loḃṫa le craos agus le h-annleisge d’ḟéad an stát, toisg é ḃeiṫ ċóṁ mór, droċ iompar na n-uaċtarán agus na n-oificeaċ a ḋ’ḟolag, agus, ar nós máṫar a ḃeaḋ ró ċaiṫte, ḃíoḋ an Róiṁ go minic ar feaḋ mórán aimsire gan oiread agus aoinne aṁáin go raiḃ aon neart aigne ann. Laistiġ de m’ċuiṁne féin, áṁṫaċ, do ṫárla beirt ḟear, marcus Cató agus Caius Caesar, a ḃí bun os cionn Le n-a ċéile ’n-a mbéasaiḃ, aċ go raiḃ neart mór aigne acu araon, agus ó ṫug an obair seo os ár gcóṁair iad ċeapas nár ḃ’ ealaḋa ḋom gan tráċt orṫa agus aigne agus nósa gaċ fir acu do noċtaḋ ċóṁ maiṫ agus ṫiocfiḋ lem’ ṫuisgint.
LIV. I n-aois, i n-urlaḃra, i n-uaisleaċt cine. ḃí an ḃeirt ar aon dul náċ mór. I n-éirim agus i mórḋaċt aigne ḋá ṁar a ċéile ab eaḋ iad,