agus i gclú, agus i gcáil, ċóṁ fada agus a ċuaiḋ méid; aċ ċóṁ fada agus a ċuaiḋ saġas ḃíodar bun os cionn le n-a ċéile. Mór ċáil oiniġ iseaḋ ḃí ar Ċaesar. Beaṫa gan loċt a ċuir mór ċlú Ċató i mbéalaiḃ daoine. Do moltí Caesar mar ġeall ar a ċeannsaċt agus ar a ḋaonaċt. Ḃíoḋ a ċruaḋas ag cur le stuaim Ċató. Do moltí Caesar go h-árd mar ġeall ar a mbronnaḋ sé, ar an gcaḃair a ṫugaḋ sé uaiḋ, ar a maiṫeaḋ sé. Fuair Cató é ṁolaḋ go h-árd mar ġeall ar gan aon rud a ṫaḃairt uaiḋ. Ḃí Caesar ’n-a ḋíon do’n anacraċ. Ḃí Cató in’ íde do’n droċ ḋuine. Do moltí soġluaisteaċt Ċaesar. Do moltí seasaṁaċt Ċató. Críċ an sgéil: ḃí curṫa roimis ag Caesar ḃeiṫ ag saoṫar agus ag faire ċuige; ḃeiṫ imníoċ i ngnó a ċarad, neaṁ-ṡuimeaṁail ’n-a ġnó féin; gan eiteaċas a ḋéanam ċoiḋċe ar rud dá mb’ ḟiú é é ḃronnaḋ. B’é a ḋúil forláṁas d’ḟáġail, agus armáil, agus cogaḋ éigin nua le déanaṁ, i dtreó go ḃfeicfí an éirim a ḃí ann. Níor ċuir Cató roimis aċ ḃeiṫ moḋail, measarḋa agus, go mór mór, neaṁ-ṫláṫ. Ní ḋeineaḋ sé formad, i saiḋḃreas leis an ḃfear saiḋḃir, ná i n-imreas leis an imreasánaċ; aċ i neart aigne, leis an ḃfear ndaingean; i míne, leis an moḋail; agus i neaṁḋúil, leis an nduine macánta. Ba ṫúisge leis ḃeiṫ ’n-a ḋeaġ ḋuine dáiríriḃ ’ná i ndeaḃraṁ. Ar an gcuma san dá luiġead a loirg sé molaḋ iseaḋ is mó do molaḋ é.
LV. Nuair a ḋ’aontuiġ an tseanaid, mar a duḃraḋ, le breiṫ Ċató, do ṫuig an Consul gur ḃ’ḟearr ḃeiṫ roim ré leis an oiḋċe a ḃí ag teaċt, sar a ndéanfí aon iaraċt nua i gcaiṫeaṁ na