idir sinn agus an Ċaṫair agus an tsLuaġ eile idir sinn agus an ĠaiLlia. Ní leogfaḋ easba arḃair, agus easba neiṫe eile, ḋúinn fanṁaint anso a ṫuille, bíoḋ gur ṁian linn go mór fanṁaint. Pé treó ’n-a dtaḃarfimíd aġaiḋ is le faoḃar a ċaiṫfimíd an tsliġe a ḋ’osgailt dúinn féin. D’á ḃríġ sin isí mo ċóṁairle ḋíḃ aigne ḋána ḃeiṫ agaiḃ agus ḃeiṫ ullaṁ; agus nuair a raġaiḋ siḃ isteaċ sa ċaṫ, a ċuiṁneaṁ i nḃúr n-aigne go ḃfuil ag gaċ fear agaiḃ, ’n-a láiṁ ḋeis féin, saiḋḃreas, onóir, glóire, ċóṁ maiṫ le saoirse agus Le h-aṫarḋa. Má ḃeirimíd buaḋ tá gaċ aon rud i n-áiriġṫe againn, flúirse lóin, na h-áitreiḃ agus na saor-ḃailte ar osgailt dúinn. Má ġéillimíd tré imeagla beiḋ na neiṫe céadna san i n-ár gcoinniḃ. Ní ḃeiḋ áit ná cara ’n-a ḋíon do’n t-é náċ díon dó a ċlaiḋeaṁ féin. D’á éaġmuis sin, a ḟeara, ní h-ionan cúis trooa againne agus acu-san. Táimíd-ne ag troid ar son ár n-aṫarḋa, ar son ár saoirse, ar son ár n-anama. Is fánaċ an gnó dóiḃ-sin ḃeiṫ ag troid ċun cóṁaċta ċimeád ag beagán daoine.
“Gaḃaiḋ ċuċa le breis dánaċta d’á ḃriġ sin agus cuiṁniġiḋ ar an gcróḋaċt is dual sínsear díḃ a ḃeiṫ ionaiḃ. Ní raiḃ bac orainn ár saoġal do ċaiṫeaṁ ar díbirt, fé ḟíor ṫarcuisne. Ní raiḃ bac ar ċuid agaiḃ, nuair a ḃí ḃúr gcuid féin caillte agaiḃ, fanṁaint sa Róiṁ ag cur dúil i gcuid daoine eile. Do ṫuigḃúir gur ġnó aiṫiseaċ é sin, gnó ná fuiLiceóċaḋ fir, agus do ṫánḃúir ar an ngnó so. Má’s mian liḃ dul as an ngnó so anois tá gáḋ le dánaċt agaiḃ. Ní ḃfuair aoinne riaṁ síoṫĊáin i n-inead cogaiḋ aċ le buaḋ. Ḃeiṫ ag braṫ ar ḋul saon le teiċe,