Page:Catilína - Ua Laoghaire.djvu/72

This page has not been proofread.
66
CATILÍNA

agus an faoḃar a ċosanóċaḋ tu iompuiġṫe agat ó’n naṁaid, ní’l sa ní sin aċ ḃeiṫ ar dearg ḃuile. - I n-am caṫa isiad na daoine is mó atá i mbaoġal na daoine is mó eagla. Falla cosanta iseaḋ an dánaċt.

“Nuair a ṁaċtnuigim oraiḃ-se, a ḟeara, agus nuair a ḃreiṫniġiin ḃúr ngníoṁarṫa, ní ḟéaDaim gan súil a ḃeiṫ go láidir agam le buaḋ. Tugan ḃúr spirid agus ḃúr n-óige agus ḃúr gcróḋaċt misneaċ dom; agus d’á éaġmuis sin an gliaif, rud a ḋeinean fear cróḋa de’n imeaglaċ. Mar ní leogan an ċúngaraċt .so do ṁor ṡlliaġ ar naṁad teaċt tímpal orainn.

“Aċ má ġaḃan an t-áḋ i gcoinniḃ ḃúr gcróḋaċta, tngaiḋ aire ṁaiṫ gan ḃúr n-anam do ċailleaṁ- aint i n-aisge; ná gan leogaint dóiḃ príosúnaiġ a ḋéanaṁ díḃ agus ansan siḃ a ċur ċun báis mar a curfí beiṫiḋiġ; aċ troid mar a ḋéanfaḋ fir, agus má ḃíon buaḋ ag an naṁaid buaḋ fuil- teaċ, deóraċ, a ṫaḃairt dóiḃ.”

LIX. Nuair a ḃí an méid sin ráiḋte aige do stad sċ tamal beag. Ansan d’órduiġ sé na trúmpaí do ṡéide, agus ċuir sé na h-ioḋna i n-eagar, agus ṡeól sé síos iad ar an dtalaṁ leiḃéalta. Ansan do ṫóg sé uaṫa na capaill go léir, i dtreó gur ṁóide an misneaċ a ḃeaḋ ag na fearaiḃ iad go léir a ḃeiṫ ar aon dul sa ċontaḃairt, agus do gLeus sċ ċun caṫa iad, ’n-a ċuis, do réir na n-áite agus do réir a líon. Ċuir sé oċt gcónoirt amuiċ ar tosaċ, ar an dtalaṁ réiḋ, i dtreó go raiḃ an cnoc ar a láiṁ ċlċ agus caraigreaċa móra ar a láiṁ ḋeis. Ċuir se an ċuid eile d’á ṡluaġ laistiar díoḃ san, mar ṫaca, agus iad níba giorra ḋ’á ċéile. Do ṫoiḃ sé